Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 As anáoiḃinn dáoiḃ, an tráṫ a déuruid na huile ḋáoíne miṫ riḃ! óir as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na fáiḋiḃ fallsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Is mairg díḃ nuair a laḃarfas na daoine go maiṫ oraiḃ; óir is mar sin a ġníoḋ a n-aiṫreaċa leis na fáiḋe bréige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Is mairg daoiḃ nuair ḃéas na daoine ’g‐ḃúr molaḋ! óir is ar an gcuma ċéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáiḋiḃ bréige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Is mairg daoiḃ nuair a ḃeid na daoine ag beannaċtaí oraiḃ, óir sin mar a ḋeineaḋ a sínsear leis na fáiḋiḃ fallsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:26
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar ḃíos an pota glanta do nairgiod, agus a nfoirnís do nór; is mairsin ḃios an duine dá ṁolaḋ.


Noċ a deir ris na féuċadóiriḃ, Ná faiciḋ; agus ris na faiġiḃ, Ná tairġiriḋ ḋúinne neiṫe cearta, laḃraiḋ rinne neiṫe bláiṫe, tairġiríḋ cealga:


Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?


Má deir neaċ bréug, ag siuḃal annsa spioraid agus a neiṁḟírinne, ag raḋ, Tairrġirfiḋ misi ḋuit ar ḟíon agus air ḋiġ láidir; buḋ é sin féin faiġ an ṗobailsi.


Coiṁéadaiġ siḃ féin ar na fáiġeannaiḃ fallsa, ṫig ċugaiḃ a gculaiḋiḃ caóraċ, agus a tá leiṫ a sdiġ na madruiḋ állta ḟúaduiġeaċda.


As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá sáiṫeaċ! óir biáiḋ ocras orúiḃ. As anáoiḃinn dáoiḃ a ḋáoine atá a gáiriġe a nois! óir cáoifiḋe agus goilfiḋe.


Da máḋ don tsáoġal siḃ, do ġraiḋéoċaḋ an sáoġal a ċuid féin: giḋeaḋ ar son naċ don tsáoġal siḃ, aċd gur ṫoġ misi siḃ as a tsáoġal, ar a naḋḃarsin atá fúaṫ ag an tsáoġal daóiḃ.


Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa.


Oír an luċd is cosṁuil ríu so, ní don Tiġearna Iósa Críosd do níd síad seirḃís, aċd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briaṫraiḃ millsi agus ré cluain croiḋṫe na ndáoine neaṁurċóideaċ.


A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ