Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 As beannaiġṫe ḃeiṫí, an tráṫ ḟúaṫóċuid dáoine siḃ, agus ċuirfid siad as a gcuideaċda siḃ, agus imḋeargfuid siḃ, agus ċuirfid ḃur nainm amaċ mar olc, ar son Ṁic an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Is beannuiġṫe a ḃéas siḃ, nuair a ḃéarfas na daoine fuaṫ díḃ, agus a ċuirfeas siad as a gcuideaċta siḃ, agus ḃéarfas siad tarcuisne díḃ, agus a ċaiṫfeas siad ḃur n-ainm uaṫa amaċ mar droċ-rud, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a ṫaḃarfaid na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus a ṡéanfaid siad siḃ, agus ṫaḃarfaid siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair a ċuirfid siad ḃúr n-ainim amaċ ’n-a droċ-ainim, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:22
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Noċ a deir, Seas agad féin, ná tárr láiṁ riomsa; óir is náoṁṫa misi ná ṫú. Is deataċ íad so ann mo ṡróin, teine loisgeaċ ar feaḋ an laói.


¶ Eistiġ bríaṫra an TIĠEARNA, a ḋrong ċriṫeaglas ré na ḃréiṫir; Oir a dúḃradar ḃur ndearḃráiṫre dfúaṫaiġ siḃ, do ṫeilg amaċ siḃ ar son manmasa, Go ma glorṁar an TIĠEARNA: aċ taisbéanfuiḋ seision ċum ḃur lúaṫġáiresi, agus beidsion fá náire.


Agus fós béarṫar siḃ ċum úaċdarán agus ċum rioġṫeaḋ ar mo ṡonsa, mar ḟínné ḋóiḃsean agus do na Cineaḋaċuiḃ.


Agus biaiḋ fúaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋíḃ ar son manmasa: aċd gioḋ bé ḟuiléongas go dtí deireaḋ a sé so ṡlainéoċṫar.


Gioḋ bé ġeaḃas a anam caillfiḋ sé é: agus gioḋ bé ċaillfeas a anam air mo ṡonsa do ġeaḃaiḋ sé é.


Agus ar na ṫeilgean don táoḃ amaċ don ḟíneaṁain, do ṁarḃadar é. Ar a naḋḃarsin créd do ḋéanas tlġearna na fíneaṁna riú súd?


Agus biaíḋ fuáṫ ag gaċ uile ḋuine ḋáoiḃ ar son manmasa.


As beannaiġṫe siḃ a ḋáoine atá ocraċ a nois: óir sáiséoċṫar siḃ. As beannaiġṫe siḃsi ċáoiḋeas a nois: óir do ḋéuntáoi gáire.


Aċd fós do ċreideadar mórán do na húaċdaránuiḃ féin ann; aċd ar son na Ḃṗairisineaċ níor adṁuiġeadar é, deagla go gcuirfiḋe amaċ as an tsinagóig íad.


Cuirfid síad as na sínagóguiḃ siḃ: agus fós, tig a nuáir, giḋ bé ṁuirfeas siḃ go mḃreaṫnóċa sé go ndéanann sé seirḃis do Ḋía.


Tug misi do ḃríáṫarsa ḋóiḃ; agus don tsáoġal íad, mar naċ ḃfuilimsi don tsáoġal.


Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa.


Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, A bpeacaiḋiḃ rugaḋ ṫusa uile, agus an dteaguisgeann tu sinne? Agus do ṫeilgeadar amaċ é.


Agus déisdeadarsan ris gus an ḃfocalsin, aċd ann sin do ṫógḃadar a ngúṫ os áird, ag ráḋ, Beir uáinn don talaṁ a leṫéid so do ḋuine: óir ní cóir a ḃeiṫ na ḃeaṫuiḋ.


Oír do fuaramar an fearsa mar ṗláiġ, agus ag cur ċeannairc eidir na Iúduiġiḃ uile ar feaḋ an doṁuin, agus na ċeannfeaḋna dórd na Nasaréunaċ:


Oír foillséoċaiḋ misi ḋó créud é méud na neiṫeann is éigin dó ḟulang ar son manmasa.


As beannuiġe an tí iomċras caṫuġaḋ: óir tar éis a ḟaġála dearḃṫa, do ġeaḃuiḋ sé coróin na beaṫa, noċ do ġeall an Tíġearna don druing ġráḋuiġeas é.


Giḋeaḋ fós má ḟuilngṫiḋ ar son na firéuntaċda, atá siḃ beannuiġe: agus ná bíoḋ eagla mar a neaglasan oruiḃ, agus ná bíġiḋ buáiḋearṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ