Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus are dtógḃáil a ṡúl súas dósan air a ḋeisciobluiḃ, a duiuḃairt sé, As beannaiġṫe siḃsi a ḋáoine boċda: óir as liḃ flaiṫeas Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ṫóg sé suas a ṡúla ar a ḋeisciobail, duḃairt sé: Is beannuiġṫe siḃ-se na boċta, óir is liḃ ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Annsin, ag taḃairt súl ar a ḋeisceablaiḃ dó, aduḃairt sé, Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá boċt: oir is liḃ ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus tóg sé suas a ṡúile agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobuil agus duḃairt: Is aoiḃinn daoiḃ-se a daoine atá boċt, óir is liḃ ríġeaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:20
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.


Is féarr ḃeiṫ do spioraid úṁail leis na hisliḃ, ná an ċreaċ do roinn leis a nuáiḃreaċ.


Is féarr an boċt ṡiuḃluiġios iona iomláine, ná an té ḃíos urċóideaċ iona ṗuisiniḃ, agus na amadán.


Méideoċuid fós na daóine macánta a ngáirdeaċus annsa TIĠEARNA, agus lúaṫġáirfid na boiċt a measg an ṗobail ann Aon Náoṁṫa Israel.


Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.


Fúigfiḋ mé fós ann do lársa daóine buáiḋearṫa agus boċta, agus cuirfiḋ a ndóiġ a nainm an TIĠEARNA.


Agus do briseaḋ san ló sin é: agus marsin do ṫuig boiċt na tréuda do ḟeiṫ orumsa gur bé sin bríaṫar an TIĠEARNA.


Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.


Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:


Agus an tan ċunnairc an slúaġ, do ċuáiḋ sé súas ar ṡliaḃ: agus ar suiġe ḋó tangadar a ḋeisgiobuil ċuige:


Ná bíoḋ eagla ort, a ṫréd ḃeag; oir a si toil ḃur Naṫar an rioġaċd do ṫaḃairt dáoiḃ.


An sin ḃiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do ċifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáiḋe uile, a ḃflaiṫeas Dé, agus siḃ féin dá ḃur dteilgean amaċ.


Agus an tan do ċúalaiḋ duine áiriġe dá raiḃ ar áonḃord ris na neiṫesi, a duḃairt sé ris, Is beannaiġe an té iṫeas arán a ḃflaiṫeas Dé.


Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ.


Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ,


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.


Eaḋon a ngáirdeaċas líonṁar sa mbuaiḋirt ṁóir lér dearḃaḋ íad agus gur líon a mboċduine ro ṁór ċum saiḋḃris a ndáonaċd.


Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.


Agus do rinneaḋ luċd leanṁana ḋúinne, agus don Tíġearna ḋíḃ, ar ngaḃáil na breiṫre ċuguiḃ a mbuáiḋirt ṁóir, maille ré gairdeaċas an Sbiorad Naóiṁ:


Coṁarṫa follas ar ċeart ḃreiṫeaṁnuis Dé, ionnus go measfuiḋe gur fíu siḃse ríoġaċd Dé, ar son a ḃfuiltí fós ag fulang:


As beannuiġe an tí iomċras caṫuġaḋ: óir tar éis a ḟaġála dearḃṫa, do ġeaḃuiḋ sé coróin na beaṫa, noċ do ġeall an Tíġearna don druing ġráḋuiġeas é.


Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain.


Tógḃuiḋ sé an boċd as an luáiṫreaḋ, agus tógḃniḋ sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiliġ, dá ccur na suiḋe eidir ṗrionnsaḋuiḃ, agus do ṫaḃairt orra caṫaóir ġlóire do ṡealḃuġaḋ: óir is leis an TTIĠEARNA uáiṫniġe na talṁan, agus do ṡuiġiġ sé an doṁan orra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ