Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do ḃí an slúaġ uile ag íarruiḋ cuimealta ris: óir do ḃíḋ suḃailce ag dul úaḋ, agus do ṡlánuiḋ sé iad uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ḃí an sluaġ uilig ag iarraiḋ cuimilt leis, óir ḃí cuṁaċt ag dul amaċ uaiḋ, agus ġá leiġeas uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ḃí an sluaġ go léis ag iarraiḋ cuimilt leis: óir do ḃí cuṁaċt ag teaċt amaċ uaiḋ do ṡlánuiġ iad go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ḃí an tsluaġ go léir a d’iarraiḋ teangaḃáil leis, óir ḃí cóṁaċt ag dul amaċ uaiḋ a ḃí ag slánú gaċ aoinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:19
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, mar do ḃadar ag aḋlacaḋ duine, féuċ, go ḃfacadar buiḋean aca; agus do ṫeilgeadar an duine a ttuama Elisa: agus a nuáir do léigeaḋ an tóglaċ síos, agus do ḃean sé re cnáṁuiḃ Elisa, do aiṫḃéoġuiḋ sé, agus do ṡeas sé súas ar a ċosuiḃ.


Agus do ċuireadar impiḋe air go mbáinfidís lé himeal a éaduiġ aṁáin: agus an ṁéid díoḃ do ḃean do slánaiġeaḋ íad.


Oír do ṡlánuiġ sé mórán; ionnus gur lingeadar air an ṁéid ar a raḃadar easláinteaḋa, do ċum go gcuiméolaidís ris.


Agus do aiṫin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúḃailce do ċúaiḋ as, agus do ḟill sé ar a tslúaġ, agus a duḃairt sé, Cía ḃean rém éuduiġiḃ?


Agus giḋ bé bailte, nó caiṫreaċa, no dúṫaiġ, an a ndeaċuiḋ sé a sdeaċ, do ċuirdís na dáoine tinne ar na sráidiḃ, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduiġ a ṁáin: agus an ṁéid do ċumail ris fúaradar a slainte.


Agus táinic sé go Betsaida; agus tugadar dall ċuige, agus do íarradar air búain ris.


Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe.


Agus a raiḃ ar ná gciorrḃaḋ ag spioraduiḃ neaṁglana, agus do leiġiseaḋ íad.


A gcrúṫ go mbeirṫí ó na ċorp éudaiġe láṁ nó cinn ċum na ndáoine tinn, agus go sgaraḋ a neasláinte ríu, agus go nimṫiġdis droċspioruide asda.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ