Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar néirġe don lá, do ġoir sé a ḋesiciobail ċuige: agus do ṫoġ sé ḋá ḟéar ḋéug asda, dár ġoir se absdail;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ṫáinic an lá, ġoir sé ċuige a ḋéisciobail, agus ṫoġ sé dáréag acu, (a dtug sé Abstail orṫa).

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair ṫáinig an lá, do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail: agus do ṫoġ sé dáréag aca, d’as ġoir sé apstail;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair a ṫáinig an lá do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil, agus do ṫoġ sé dáréag acu, agus ṫug sé Aspoil mar ainim orṫa san;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:13
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An ċeadduine ḋíoḃ, Síomón, da ngoirṫear Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair; Séumas ṁac Sebedé, agus Eóin a ḋearḃraṫair.


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Agus an tan do ċunairc sé an slúaġ, do ġaḃ truáiġe ġéar ḋóiḃ é, ar son go raḃadar curṫa, ar na leaṫnuġaḋ agus ar na sgaraḋ, mar ċáorċa ag naċ ḃfuil tréadaiġe.


Agus do ċruinniġeadar na heasbuil ċum Iósa, agus do ḟoillsiġeadar ḋó na huile ní, agus gaċ ní dá ndearnadar, agus gaċ ní dar ṁúineadar.


Ann sin do ġoir sé an dá ḟear ḋéug, agus do ṫionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cuṁaċda ḋóiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana.


Ar a naḋḃarso a duḃairt eagna Dé, Cuirfe mé fáiḋe agus absdail ċuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid dioḃ:


Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.


Simon, dár ġoir sé fós Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair, Séumas agus Eóin, Ṗilip agus Bartoloméus,


A duḃradar a ḋeisciobail ré ċéile, An dtug áoinneaċ ċuige ní do íosaḋ sé?


Agus ar a nimṫeaċd a sdeaċ, do ċúadar súas a seomra úaċdaraċ, mar ar ḟan Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus Aindrias, Ṗilip, agus Tomás, Bartoloméus, agus Maṫa, Séumus ṁac Alṗéi agus Síomón Selótes, agus Iudás dearḃraṫair Ṡéumuis.


Ar mbeiṫ díḃ áitiġṫe ar ḟonndameint na nabsdal agus na ḃfáiġeaḋ, ar mbeiṫ Díosa Críosd féin na ċloiċ ċinn ag an ccuáinne;


Uime sin tug sé drung áiriġe, na nabsdaluiḃ; agus drung eile, na ḃfaiḋiḃ; agus drung eile, na náoḋairiġiḃ agus na luċd teaguisg;


Uime sin, a ḋearḃráiṫre náoṁṫa, agá ḃfuil ḃur gcuid ranna don ġairm neaṁḋa, tuguiḋ ḋá ḃur náire Absdal agus Ardṡagart ar nadṁála, eaḋon Iósa Críosd.


Ionnus go mbíaḋ cuiṁne aguiḃ air na bríaṫruiḃ do laḃradar na fáiḋe náoṁṫa roiṁe so, agus air a náiṫne tugamairne absdail an Tíġearna agus an Tslánaiġṫeóra uáinn:


Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:


O a ḟlaiṫeaṁnuis, bíoḋ gairdearċas ort dá táoḃ, agus oruiḃse a apsdala agus a ḟáiḋe náoṁṫa; óir do riune Día dioġaltus uirrṫe ar ḃur sonsa.


Agus do ḃádar ḋá ḟonndameint déug ag balla na caiṫreaċ, agus iontasan anmanna ḋá absdail déug a Nuáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ