Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ṫárla ins na laeṫe sin, go ndeaċaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe, agus ṫug sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; agus d’ḟan sé ar feaḋ na h‐oiḋċe ag guiḋe ċum Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:12
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mo Ḋía, coṁaircfim annsa ló, agus ní ċluin tú; annsa noiḋċe, ní ḃfuil suáiṁneas agam.


Lé manam díarr mé ṫú san noiḋċe; fos, lé mo spioraid a stiġ ionnam íarrfas mé ṫú go moċ: óir a nuáir ḃéid do ḃreaṫeaṁnuis annsa talaṁ, foġlaimfid áitreaḃuiġ na talṁan fíreantaċd.


¶ Anois an tan do ṫuig Dániel gur séulaḋ an scríḃinn, do ċuáiḋ sé ḋá ṫiġ; agus armbeiṫ da ḟuinneóig oscuilte iona ṡeomra leaṫ ré Ierusalem, do léig sé síos air a ġlúiniḃ é trí huáire san ló, agus do ġuiḋ sé, agus rug buiḋeaċus a ḃfíaġnuise a Ḋé, mar do níoḋ sé san naimsir roiṁe.


Agus an tan ċunnairc an slúaġ, do ċuáiḋ sé súas ar ṡliaḃ: agus ar suiġe ḋó tangadar a ḋeisgiobuil ċuige:


Aċd ċeana, an tan do ni tusa urnuiġe, imṫiġ a sdeaċ aun do ṡeómra, agus ar ḋunaḋ do ḋoruis duit, guiḋ Haṫair féin ata a ḃfolaċ; agus do ḃéaraiḋ Haṫair do ċí a ḃfolaċ luáiġeaċd ós áird duit.


Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin.


Agus do ċúaiḋ sé súas an tansin ar ṡliáḃ, agus do ġoir sé ċuige an dream do buḋ toil leis: agus tangadar ċuige.


Agus an tan do ċuir sé úaḋ íad, do ċúaiḋ sé ar ṡlíaḃ do ḋéanaṁ urnuiġṫe.


Aċd do ċúaiḋ seisean fá leiṫ ar an ḃfasaċ, agus do rinne sé urnuiġe.


Agus do líonaḋ íadsan do ċuṫaċ; agus do lúaiḋeadar ré a ċéile créd do ḋeunaidis ré Híosa.


Agus táinig sé a núas léo, agus do ṡeas sé ar ṁaċuire réiḋ, agus a ċoiṁṫionól deisciobail, agus mórán mór do ṗobal ó ṫír Iúdaiġe uile agus ó Ierusalem, agus ó ċois fairrge Ṫírus agus Ṡídon, noċ ṫáinig deisdeaċd leisin, agus dfaġáil leiġis ar a neasláintiḃ;


Agus tárla, an tan do ḃí sé na áonar ag déanaṁ urnuiġe, go rabbadar a ḋeisciobuil na ḟoċair: agus gur ḟíafruiḋ sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Créd a deir an slúaġ cía misi?


Agus tárla a dtimċeall oċd lá tar éis na mbriaṫarsa, ar mbeiṫ Ṗeadair agus Eóin agus Ṡéamuis leis, go ndeaċaiḋ sé súas ar ṡlíaḃ do ḋéanaḋ urnuiġe.


Agus tárla ag deanaṁ urnuiġe ḋó, gur haṫruiġeaḋ fioġair a aiġṫe, agus go ndearnaḋ a éadaċ geal dealruiġeaċ.


Agus do ċúaiḋ Iósa suás ar ṡlíaḃ, agus do ṡuiḋ sé ann sin maille ré na ḋeisciobluiḃ.


Bíġiḋ búan a núrnuiġe, ag faire innte maille ré breiṫ ḃuiḋeaċais;


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ