Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 6:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do líonaḋ íadsan do ċuṫaċ; agus do lúaiḋeadar ré a ċéile créd do ḋeunaidis ré Híosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Aċt líonaḋ le mí-stuaim iad-san, agus ṫoisiġ siad a ċóṁraḋ eatorṫa féin, cad é ḋéanfaḋ siad le h-Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do ḃíodar‐san lán de ċúṫaċ; agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile d’ḟéaċain créad do ḋéanfaidís le h‐Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus ḃíodar-san lán de ṁí-ċiall, agus ḃíodar ag caint eatarṫa féin féaċaint cad a ḋéanfaidís le h-Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 6:11
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.


Agus do ṫagradarsin eatorra féin, ag ráḋ, Is ar son naċ dtugamar arán linn.


Agus an tráṫ do ċúaladar úaċdaráin na sagart agus na Ṗairisiniġ an ċosṁalaċd sin, do aiṫniġeadar gur ab na dtimċeall féin da laḃair sé.


Agus do líonaḋ a raiḃ ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do ċúaladar na neiṫesi,


Agus an tan do ḟéuċ sé orrṫa uile na ṫimċeall, a duḃairt sé ris a nóglaċ, Sín amaċ do láṁ. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láṁ eile.


Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.


Ar a naḋḃarsin do ċruinniġeadar uáċdaráin na sagart agus na Ṗairisíniġ coṁairle, agus a duḃradar, Créd do ḋéanam? óir as iomḋa míorḃuile do ní an fear so.


Agus tar a éisi so do ṡiuḃail Iósa ann sa Ġalilé: oír míor ḃail leis siuḃal a ttír Iúdaiġe, tré gur smuaineadar na Iúdaiḋe a ṁarḃaḋ.


Agus ag taḃairt pionúis dóiḃ go minic trés na huile ṡinagogaiḃ, do ċoiṁéigniġ mé íad, ċum blasṗéime laḃairt; agus ar ndul daṁ tar ṁoḋ ré buile na naġaiḋ, do rinne mé gérleanṁuin orrṫu a gcaiṫreaċaiḃ coigcríċe.


Aċd ar na ḟógra ḋóiḃ dul amaċ as an gcoṁairle, diomraiḋeadar eatorra féin,


Aċd ar ḃfreagra do Ṗeadar agus Deóin, a duḃradar ríu, Measuiġ féin an córa a ḃfíaḋnuise Dé, siḃsi deisdeaċd ná Día.


Agus ar gclós na neíṫeaḋsa ḋóiḃseab, do ḃádar air a ngearraḋ, agus do rinneadar cóṁairle íadsan do ṁarḃaḋ.


Agus ar na gclós só ḋóiḃsion, do goinaḋ ann a gcróiḋṫiḃ íad, agus do ḃádar ag cognaṁ a ḃfiacal na aġaiḋ.


Giḋeaḋ ní ḃéuruid buáiḋ ní sa ṁó: óir biáiḋ a gcúṫaċ follas do na huile ḋáoiniḃ, aṁuil do ḃí a gcúṫaċ súd mar an gcéudna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ