Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus a duḃairt sé fós tré ċosaṁlaċd ríu; Ní ċuireann neaċ ar biṫ preabán éuduiġ núa air ṡeanċulaiḋ, nó, brisiḋ an téudaċ núa é, agus ní ṫig an preabán núaéuduiġ leis a tseinéudaċ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus laḃair sé saṁlaoid leo fosta: Ní ċuireann aoinneaċ paiste as ball nua éadaiġ ar ṡean-ḃall éadaiġ, nó strócann sé an rud nua, agus ní ḟóireann an ball nua do’n tsean-ḃall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus aduḃairt sé leo tré ṡaṁlaoid: Ní stiallann aoinneaċ preabán de ḃrat nua ċum sean‐ḃrat do ḋeiṡiú; óir stiallfaiḋ sé an t‐éadaċ nua, agus ní oirfiḋ an preabán do baineaḋ ó’n éadaċ nua do’n tsean‐éadaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus duḃairt sé leó i soluíd: Ní ċuireann aoinne preabán, gearrṫa de ḃall éadaiġ a ḃeaḋ nua, mar ḋeisiú ar ṡeana-ḃall éadaiġ, mar do loitfeaḋ sé an t-éadaċ nua, agus an preabán a baineaḋ de’n éadaċ nua ní oirfeaḋ sé do’n tsean-éadaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:36
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Coiṁéadfuiḋe mo statúídiġ. Ní léígfíḋe dá ḃur náirnéis gineaṁuin ré cineul éagsaṁuil: ní ċuirfe tú ṫfearann lé síol cumaisce: agus ní mó ċuirfeas tú éadaċ cumaisce, do líon agus doluinn iomad.


Aċd tiocfaid na láeṫe an tan ḃéurṫar an fear núa ṗósda úaṫa, ann sna láeṫiḃ sin do ḋéunuid síad trosgaḋ.


Agus ní ċuireann duine ar biṫ fíon núa a seanḃuidéuluiḃ; nó brisfiḋ an fíon núa na buidéil, agus dóirtfiḋear an fíon agus raċuid na buidéil a múgba.


Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.


Ní ċuirfe tú umad culaiḋ do ṡórtuiḃ éagsaṁla, mar atá doluinn agus do líon a néinḟeaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ