Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus do rinne Léḃi féusda mór ḋó an a ṫiġ féin: agus do ḃí cuideaċda ṁór ṗuibliocán agus dáoine eile do ṡuiḋ na ḃfoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus rinne Leiḃí féasta mór dó ina ṫiġ féin, agus ḃí sluaġ mór puibliocánaċ agus daoine eile ann, a ḃí ina suiḋe ċun bíḋ i n-aoinḟeaċt leo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus do‐rinne Léḃí fleaḋ ṁór dó ’n‐a ṫiġ: agus do ḃí cuideaċta ṁór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus do ḋein Leḃí féasta mór dó ’n-a ṫiġ, agus ḃí cuideaċta ṁór ann de ṗuibliocánaiġ agus de ḋaoine eile a ḃí ’n-a suiḋe ċun bíḋ ’n-a ḃfoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:29
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól, agus a deirid, Féuċ an duine cráosaċ, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacṫaċ. Giḋeaḋ a tá an ġliocas ar na sáoraḋ ó na cloinn féin.


Oir na ḃíonn gráḋ agaiḃ don ṁuinntir agá ḃfuil gráḋ ḋáoiḃ, creud é an lúaiḋeaċd do ġéuḃṫaói? a né naċ déunaid na Publiocáin an ni ceúdna?


Agus tainic ċum críċe, ar suiḋe Diosa ċum bíḋ san tiġ, féuċ, tangadar iomad puibliocánaċ agus do ṡuiġeadar re Hiosa agus ré na ḋeisgiobluiḃ.


Agus an tan do ċúaiġ Iósa as a náitsin, do ċunnairc sé oglaċ, na ṡuiġe ag bord an ċusduim, dar ḃainm Maṫa, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋó, do lean sé é.


Agus tarla, an tan do ṡuiġ Iósa ċum bíḋ an a ṫiġ súd, gur ṡuiġeadar mórán puiblicán agus peacaċ fós ma ráon ré Hiósa agus ré na ḋeisciobluiḃ: óir do ḃádar móran, agus do leanadar é.


Agus tangadar na Puibliocáin uile agus na peacṫaiġ ċuige déisdeaċd ris:


Uime sin do rinneadar suiper ḋó ann sin; agus do ḃí Martá ag frioṫólaṁ: aċd do ḃí Lásarus na áon don ṁuinntir do ṡuiḋ na ḟarraḋ ar an mbórd.


Agus dá dtugaiḋ éunnduine don druing atá gan ċreideaṁ, cuireaḋ ḋíḃ agus go máḋ toil liḃ dul rin; íṫiḋ gaċ ní ċurṫar ḃur ḃfíaḋnuisi, gan ċeisd ar biṫ do ċur do ṫáoḃ coinnsiáis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ