Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Aċd do ċum go mbeiṫ a ḟíos agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine, peacuiḋ do ṁaiṫeaṁ ar an dtalaṁ, (a duḃairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eiriġ, tóg do leabuiḋ, agus imṫiġ dod ṫiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine ar talaṁ peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ (deir sé leis an té a raiḃ an galar creaṫaċ air): Deirim leat, éiriġ, tóg do leabaiḋ, agus gab isteaċ i do ṫiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Aċt ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil uġdarás ag Mac an Duine ar talaṁ ċum peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ), Adeirim leat, Éiriġ, agus tóg do ṫoċt, agus téiriġ ċum do ṫiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Aċ ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí do ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ), Eiriġ, adeirim leat, agus tóg suas do ṫoċt, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:24
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċífiḋ sé do ṡáoṫar anma, agus biáiḋ sé sásta: lé na éolus ṡáorfas mo ṡeirḃíseaċ fíréanta mórán; óir iomċoruiḋ sé a ccionta.


Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.


Agus ar dteaċd Diósa go críoċaiḃ Ṡesárea Ṗilippí, do ḟíafruiḋ sé dá ḋeisciobluiḃ, ag ráḋ, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?


Agus an tráṫ ṫiocfas Mac an duine an a ġlóir féin agus na haingil náoṁṫa uile maille ris, ann sin suiḋfiḋ sé ar ċaiṫír a ġlóire féin:


A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Aċd do ċum mbeiṫ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine peacaiġ do ṁaiṫeaṁ ar an ttalaṁ, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Eriġ, tógaiḋ do leabaiġ, agus imṫiġ dod ṫiġ.


Agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, ag raḋ, As toil: bí glan. Agus dfag an luḃra é ar an mball.


Agus, féuċ, do íomċradar dáoine a leabuiḋ oglaċ do ḃí a bpairilis: agus do íarradar a ṫaḃairt a sdeaċ, agus a ċur na ḟíaḋnuisisean.


Cia is usa, a ráḋ, A táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit; ná a ráḋ, Eiriġ agus sioḃail?


Agus táinic sé agus do ḃean sé ris an gcoṁraiḋ: (agus do ṡeasadar an luċd do ḃí agá iomċar) agus a duḃairt sé; A ógánaiġ, a deirim riot, éiriġ.


Agus ag cur ċáiċ uile amaċ ḋósan, agus ad breiṫ ar a láiṁ, do éiġ sé, ag ráḋ, A ċalín, éiriġ.


Agus tar éis so do ráḋ ḋó, a duḃairt sé do ġuṫ ard, A Lásaruís, tárr amaċ.


Aṁail as do ṫug tú cúṁaċda ḋósan air gaċ uile ḟeóil, do ċum go dtioḃraḋ sé an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ do gaċ uile ḋuine ḋá dtug tú ḋó.


Oír ní ḋeaċuiḋ éainneaċ suás ar neaṁ, aċd an té do ṫuirrling ó neaṁ, Mac an duine atá ar neaṁ.


Agus fós tug se uġdarras do ḃreiṫeaṁnus do ḋéunaṁ, an méid gur ab é Mac an duine.


A duḃairt sé do ġúṫ mór, Seas súas go díreaċ ar do ċosaiḃ. Agus do léím seision súas, agus do ṡiúḃail sé.


Do ṫóg Día re na láiṁ ḋeis féin é só súas na Ṗríonnsa agus na Ṡlánaiġṫeoir, do ṫaḃairt aiṫriġe, agus maiṫṁeaċais na bpeacaḋ Disraél.


Agus a duḃairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán ṫú: eiriġ, agus tóg do leabaiḋ. Agus ris sin féin déiriġ seision.


Agus ar gcur amaċ gaċ a ráiḃ a sdiġ, ar na ligean féin ar a ġlúiniḃ do Ṗeadar, do rinne sé urnaiġe; agus ar ḃfilleaḋ ċum an ċuirp a duḃairt sé, Eíriġ, a Ṫabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar ḃfaicsin Ṗeadair ḋi, déiriġ sí na suíḋe.


Agus a meaḋón na seaċd gcoinnleóir sin neaċ bá cosṁuil ré Mac an duine, noċ fá raiḃ éudaċ ráinic síos go a ṡáluiḃ, agus crios órrġa ṫairis a dtimċioll a ċíoċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ