Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd ar naiṫne a smúaintiġe Díosa, do ḟreagair sé, agus a duḃairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintiġṫísi an ḃur gcroiḋṫiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ó ḃi fios a smaointe ag Íosa, duḃairt sé leo, ġá ḃfreagairt: Cad é sin ar a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ i ḃur gcroiḋṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Aċ ó ḃí fios a smuínte ag Íosa d’ḟreagair sé iad agus duḃairt: Cad ċuige an maċtnaṁ so i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:22
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Is aiṫne ḋuit mo ṡuiġe agus méirġe, tuige tú mo smuáineaḋ a ḃfad uáit.


Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA smuáintiġṫe an ċiontuiġ: aċt is briaṫra millse, bríaṫra a nfíorġlain.


¶ Oir is aiṫnid daṁsa a noibreaċa agus a smúaintiġṫe: tiucfa a gcríċ, go ccruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa agus ṫeangṫa, agus tiucfaid síad, agus do ċífid mo ġlóir.


Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tiucfuiḋ a ccríċ mar an ccéadna, annsa namsin féin go ttiucfuid neiṫe ann hinntinn, agus go smuáineoċa tú droċsmuáineaḋ:


Agus an tan do aiṫin Iósa so, do imṫiġ sé as sin: agus do lean slúaġ mór é, agus do ṡlánaiġ sé íad uile;


Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé:


Agus an tan do ċunnairc Iósa a smúaintiġṫe a duḃairt sé, Créud fá smúaintiġṫisi uilc ann ḃur gcroiḋṫiḃ?


Agus ar ná áiṫne sin Díosa, a duḃairt sé ríu, Créd do ḃeir ag diosbóireaċd siḃ, ar son naċ ḃfuilid aráin aguiḃ? a né naċ fios díḃ fós, agus naċ dtuigṫí? an ḃfuilid croiḋeaḋ crúaiḋe aguiḃ fos?


Agus a duḃairt seision ríu; Créd fá ḃduilti ar ḃar mbúaiḋreaḋ, agus créd fá a néirġid smúaintiġe ann ḃar gcroiḋṫiḃ?


Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar?


Cia is usa, a ráḋ, A táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit; ná a ráḋ, Eiriġ agus sioḃail?


Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ?


Oir atá bríaṫar Dé beó, agus bríoġṁar, agus ní sa ġéire ná clóiḋeaṁ ar biṫ ḋá ḟáoḃar, agus téid sí ṫrín a steaċ go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré ċéile, agus is breaṫaṁ í ar smúaintiġiḃ agus ar ḃreaṫnuiġiḃ an ċróiḋe.


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ