Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus ar ḃfaicsin a gcreidiṁ ḋósan, a duḃairt sé ris, A ḋuine, a táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫleaṁ ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ċonnaic seisean a gcreideaṁ, duḃairt sé: A ḋuine, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus nuair do ċonnaic sé a gcreideaṁ, aduḃairt sé. A ḋuine, aṫá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a ċonaic sé an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé: A ḋuine, maiṫtear do ṗeacaí ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:20
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.


Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.


Agus, féuċ, tugadar fear pairilise, na luiġe air a leabaiḋ ċuiġe: agus an tan do ċunnairc Iósa a gcreideaṁ a duḃairt sé re fear na pairilisi; Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad a ṁic; ataid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit.


Oír cía is usa, a ráḋ, A taid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ, agus sioḃail?


Agus an tan do ċonnairc Iósa a gcreideaṁ, a duḃairt sé ré fear na pairilisi, A ṁic, a táid do ṗeacaiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit.


Agus a duḃairt sé ría, Atáid do ṗeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit.


Agus tré naċ raínig sé a leas neaċ ar biṫ do ḋéunaṁ fiáḋnuisi air ḋuine: oír do ḃí a ḟios aige féin créd do ḃí ann sa duine.


Fuáir Iósa é na ḋíaġ sin ann sa teampoll, agus a duḃairt sé ris, Féuċ, do rinneaḋ slan ṫú: na peacuiġ ní sa ṁó, deagla go dteigéuṁaḋ ní buḋ measa ḋuit.


Agus ar dteaċd ḋó, agus ar ḃfaicsin ġrása Dé, do ġaḃ gáirdeaċus é, agus do ṫeaguisg sé íad uile, fá anṁuin a ḃfoċair an Tiġearna ré rún croiḋe.


Do ċualáiḋ sé so Pól ag laḃairt: agus ar mbeiṫ do Ṗól ag féuċain go gér air, agus ar mbreaṫnuġaḋ ḋó go raiḃ creiḋeaṁ aige ċúm a ṡlánuiġṫe,


Agus giḃ bé ḋá dtug siḃse maiṫeaṁnus áoinneiṫe, do ḃeirimse mar an gcéadna: óir má ṫug misi maiṫeaṁnus a neinní uáim, giḋ bé ḋá dtug mé an maiṫeaṁnus, is ar ḃir sonsa tug mé uáím é a ḃfíaḋnuisi Ċríosd;


Ag taḃair íomċair ḋá ċéile, agus ag maiṫeaṁ ḋá ċéile, má tá gearan ag neaċ a naḋuiġ aroile: aṁuil tug Críosd maiṫeaṁnas díḃse, go maḋ haṁluiḋ sin ḋéunas siḃse.


Aċd, a déuruiḋ neaċ éigin, Atá creideaṁ agadsa, agus atáid oibreaċa agumsa: taisbéinse ḋáṁsa do ċreideaṁ a ḃféugmuis hoibreaċa, agus taisbéuneadsa mo ċreidiṁ ḋuitse as ṁoibreaċuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ