Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ṫárla lá aṁáin go raiḃ sé ina ṡuiḋe ag teagasc. Agus ḃí ina suiḋe ann Fairisíniġ agus doctúirí dliġe a ṫáinic as gaċ baile de’n Ġailile agus de Iudaia agus as Ierusalem, agus ḃí cuṁaċt an Tiġearna ċun a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:17
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.


Ann sin tigid sgríobuiġe agus Ṗairisíniġ ó Ierusalem, go Hiósa, ag raḋ,


Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd.


Toigéuḃaid naiṫreaċa neiṁe; agus má iḃid ni marḃṫaċ ar biṫ, ni ġoirtéoċa sé íad; cuirfid láṁa ar na daóniḃ éagcruaiḋe, agus béid síad slán.


Agus a duḃradar na sgríobuiḋe ṫáinic a núas ó Iérusaléim, Go raiḃ Beelsébub ann, agus gur ab tré ṗrionnsa na ndeaṁan do ċuireaḋ sé na deaṁain ámaċ.


Agus do aiṫin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúḃailce do ċúaiḋ as, agus do ḟill sé ar a tslúaġ, agus a duḃairt sé, Cía ḃean rém éuduiġiḃ?


Agus do cruinniġeadar na Ṗairisíniġ ċuige, agus cuid do na sgríobuiḋiḃ ṫáinic ó Iarusaléim.


Agus do rinneadar na Ṗairisíniġ agus na sgríobuiḋe munṁar, ag ráḋ, Gaḃuiḋ an feporso peaċtaiġ ċuige, agus iṫiḋ sé bíaḋ na ḃfoċair.


Agus tárla, trí lá dá éis sin, go ḃfúaradar é ann sa teampoll, na ṡuiḋe a measg na ndoctúireaḋ, ag éisdeaċd ríú, agus ag cur ċeasd orṫa.


Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar?


Agus do rinne cuid díoḃ do ḃi na sgríobuiḋiḃ agus na Ḃṗairisíneaċuiḃ monaḃar a naġaiḋ a ḋeisciobalsan, ag ráḋ, Creud fá niṫṫísi agus fá niḃṫí a ḃfoċair na bpuibliocán agus na bpeacṫaċ?


Agus do ḃí an slúaġ uile ag íarruiḋ cuimealta ris: óir do ḃíḋ suḃailce ag dul úaḋ, agus do ṡlánuiḋ sé iad uile.


Aċd ṫugadar na Ṗairsíniġ agus an luċd dliġe tarcuisne ar ċoṁairle Dé na naġuíḋ féin, gan a ḃeiṫ ar na ṁaisdeaġ úaḋsan.


Agus a duḃairt Iósa, Do ḃean duine éigin riom: oír do ṁoṫuiġ mé suḃailce dul asam.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, An ḃfuil tusa ad ṁáiġisdir a Nisraél, agus gan a ḃfios so agad?


Aċd giḋ bé do ní an ḟirínne ṫig sé ċum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreaċa follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunaṁ.


Agus as mór na míorḃuile do rinne Día tré láṁuiḃ Ṗóil:


Ag sineaḋ do láiṁe amaċ ċum leiġis; agus coṁarṫaḋ agus miorḃuileaḋ do ḋéanaṁ tré ainm do ṁic náomṫa fein Iósa.


Aċd ar néirġe súas Dfairisíneaċ áiriġe, sa gcóṁairle, dár ḃainm Gamáliel, doctúr dlíġe, do ḃí fá ċion ag an bpobal uile, daiṫin sé na habsdail ċur amaċ ar feaḋ tamuill;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ