Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 5:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus tárla, an tan do ḃí sé a ccaṫruiġ áiriġe, féuċ óglaċ lán do luḃra: agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó do leig sé é féin síos ar aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé é, a ráḋ, A Ṫiġearna, más toil leaċd é, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ṫárla, nuair a ḃí sé i gcionn de na caṫraċa, féaċ, fear lán de loḃra, ar ḟeiceáil Íosa dó, ċaiṫ sé é féin síos ar a aġaiḋ agus ġuiḋ sé é, ag ráḋ: A Ṫiġearna, má’s toil leat, tig leat mé a ḋéanaṁ glan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus ṫarla, nuair do ḃí sé i gceann de na caṫraċaiḃ, féaċ, fear do ḃí lán de loḃra; agus ar ḟeicsin Íosa ḋó, do ṫuit sé ar a aġaiḋ roiṁe, agus do ċuir sé aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ḃí sé i gceann de sna caṫraċaiḃ, agus féaċ, ṫáinig duine a ḃí lán de loḃra, agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ, agus ġuiḋ sé é, agus duḃairt: A Ṫiġearna má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 5:12
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An ḃfuil éinní roċruáiḋ ag an TTIĠEARNA? Ann sanuáir ċinnte fillfiḋ mé ċugad do réir aimsire na beaṫa, agus biáiḋ mac ag Sarah.


Agus a núair do ċonncadar an pobal uile sin, do ṫuiteadar ar a naiġṫiḃ: agus a duḃradar, Sé an TIĠEARNA féin, Día; sé an TIĠEARNA féin, Día.


Anois do ḃí Naaman, caiptín slóiġ ríġ na Síria, na ḋuine mór agá ṫiġearna, agus ro onoraċ, do ḃríġ gur dá ṫaóiḃ ṫug an TIĠEARNA tárṫáil do Ṡíria: do ḃí sé mar an gcéadna na ḋuine neartṁar a ngaisgiḋ, aċt do ḃí sé na loḃar.


Ar a naḋḃarsin ceangoluiḋ luḃra Náaman díotsa, agus dot ṡlioċd go bráṫ. Agus do ċúaiḋ sé amaċ as a ḟiaḋnuise na loḃar coiṁġeál re sneaċda.


¶ Agus do ḃádar ceaṫrar do ḋaóiniḃ luḃraiġ ag dul a steaċ an ġeata: agus a duḃradar gaċ áon re ċéile, Cred fá suiġmid annso go ḃfaġam bás?


¶ Agus do ṫóg Dáiḃi a ṡúile súas, agus do ċonnairc sé aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ idir talaṁ agus neaṁ, agus cloiḋeaṁ táirngṫe iona laíṁ ar na ṡíneaḋ amaċ ós cíonn Ierusalem. Annsin Dáiḃi agus sinnsir Israel, noċ do ḃí foluiġ re saicéadaċ, do ṫuiteadar air a náiġṫiḃ.


Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad ṫú, agus do ḃéara tú glóir ḋaṁ.


Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona ḃuaiḋreaḋ; do ḋéanad a ṡaoraḋ, agus a ġlóruġaḋ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris ós a ċionn sin, Cuir a nois dó láṁ ad ḃrollaċ. Agus do ċuir sé a láṁ iona ḃrollaċ: agus a nuair tug sé amaċ í, féuċ, do ḃí a láṁ luḃraċ mar ṡneaċda.


No má ionntóiġeann a nfeóil dearg a rís, agus go ttiucfa ċum ḃeiṫ bán, tiucfa sé ċum an tsagairt;


Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.


Agus an tráṫ do ḃí Iósa a Mbetáinia a dtiġ Ṡimóin an lóḃair,


Agus an tráṫ ṫáinic sé a sdeaċ do tiġ, tangadar na doill ċuiġe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidṫí gur ab eídir leamsa so do ḋéanaṁ? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Ṫiġearna.


Agus do ġuiḋ sé é go roiġér, ag ráḋ, A tá minġean ḃeag a bponc ḃáis: tárr agus cuir do láṁa uirrṫe, do ċum go sláineoċaiḋe í; agus go mairfeaḋ sí.


Agus do ṫuit sé ar a aġuiḋ agá ċosaiḃsean, ag breiṫ ḃuiḋeaċais ris: agus buḋ Samaritánaċ an fearso.


Agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, ag raḋ, As toil: bí glan. Agus dfag an luḃra é ar an mball.


¶ Taḃair haire a bpláiġ na luḃra, go gcoiṁéadfa tú go dúṫraċdaċ, agus go ndéana tú do réir a nuile neiṫe ṁúinfid na sagairt Leḃiteaċ ḋuit: mar do aiṫin misi ḋíoḃsan, mar sin ċoiṁeadfáoisi ḋéanaṁ.


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ