Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt an diaḃal ris, Do ḃéara misi na cuṁaċda so uile ḋuit, agus a nglóir: óir do tugaḋ ḋamṡsa í; agus do ḃeirim í don tí as toil leam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus duḃairt sé leis: Ḃéarfaiḋ mé an ċuṁaċt seo uilig duit, agus a nglóir, óir tugaḋ daṁ-sa iad, agus ḃeirim iad do mo roġa duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus aduḃairt an diaḃal leis, Do‐ḃéarfad duit‐se an ċuṁaċt uile sin, agus a mórḋaċt: óir tugaḋ daṁ‐sa é; agus tig liom a ḃronnaḋ ar an té is roġa liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad-sa ḋuit-se na cóṁaċta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugaḋ dom iad, agus tugaim iad do m’roġa duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:6
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.


Do ṫionnscuin TIĠEARNA na slóġ é, do ṫruailleaḋ úaḃair gaċ uile ġlóire, agus dó ṫaḃairt uile onóraċ na talṁan ċum tarcuisne.


Uime sin dfáirsingiḋ ifrionn i féin, agus dfoscuil a béul go roṁór: agus raċaiḋ a nglóirsion, agus a niomadaṁlaċd, agus a nainṁeas, agus an té lúaṫġáirios, síos ann.


Ar a naḋḃarsin má aḋrán tusa ḋaṁsa, buḋ leaċd íad uile.


A nois atá breiṫeaṁnus an tsáoġailsi a laṫair: a nois teilgfiḋear amaċ úaċdarán an tsaoġailsi.


O so amaċ ní laiḃéora mé mórán riḃ: oir atá úaċdarán an tsáoġuilsi ag teaċd, agus ní ḃfuil ní ar biṫ aige ionnamsa.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Agus ní híongnaḋ sin; óir cuiriḋ Satán é féin a ḃfoirm aingil na soillse.


Ann a raḃaḃair a nallód ag siuḃal do réir nóis an tsáoġailse, do réir an ṗrionnsa agá ḃfuil cúṁaċda a naiéir, agus na sbiorúide óibriġeas a nois a gcloinn na heasúṁlaċda:


Oír atá a nuile ḟeóil mar an ḃféur, agus a nuile ġlóir ḋáonna mar ḃláṫ a nféir. Searguiḋ a féur, agus tuitiġ a ḃláṫ ṡe:


Atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía atámuid, agus go ḃfuil an sáoġal uile na luiḋe sa nolc.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.


Agus tugaḋ ḋó cogaḋ ḋéunaṁ ris na náoṁuiḃ, agus buáiḋ do ḃreiṫ orrṫa: agus tugaḋ cúṁaċda ḋó ós cionn gaċ uile ṫréiḃe, agus ṫeanguiḋ, agus ċiniḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ