Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus do ġaḃ criṫ cáċ uile, agus do laḃradar ré ċéile, ag ráḋ, Créud é an níse! go náiṫinġeann sé do na spiorádaiḃ go neaṁġlana lé cuṁaċdaiḃ agus lé neart, agus go dtigid siad a maċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus ṫáinic criṫ-eagla orṫa go léir, agus ḃíoḋ siad ag cóṁráḋ le n-a ċéile, ag ráḋ: Cad é seo mar ḃriaṫar, óir ḃeir sé órduġaḋ do na spioraid neaṁġlana le cuṁaċt agus neart, agus téiġeann siad amaċ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus do ġaḃ uaṫḃás iad uile, agus do ḃíodar ag laḃairt le ċéile, g‐á ráḋ, Cad is ciall do’n ċainnt seo? óir is le h‐uġdáras agus le cuṁaċt do‐ḃeir sé órdú do na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, agus tigeann siad amaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus ṫáinig criṫ-eagla ar na daoine go léir, agus ḃiodar ag caint eatarṫa féin, agus deiridís: Cad é seo mar ḃriaṫar, go smaċtuiġeann sé le cóṁaċt agus le neart na h-annspridí neaṁġlana, agus go n-imṫíġid siad amaċ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:36
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tar éis an deaṁan do ṫeilgean a maċ, do laḃair an balḃán: agus do ġaḃ iongantas an pubal, ag ráḋ, Ní ḃfacas a leiṫéide so a Níosrael ríaṁ.


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo,


Agus do ġaḃ iongantus roṁór íad, agus a duḃradar, Do rinne sé gaċ uile ní go maiṫ: do ḃeir sé fá deara go gcluinid na boḋair, agus go laḃruid na bailḃ.


Agus na huile ḋáoine da gcúaliḋ so do ġaḃ iongantus íad fá na neiṫeiḃ a duḃradar na háoḋairiḋe ríu.


Agus do ḃí úaṫḃás acasan an a ṫeagasg: óir do ḃí a coṁráḋ maille ré huġdarrás.


Noċ atá ar deis Dé, tar éis dul ar neaṁ; dá ḃfuilid na haingil agus na cúṁaċda agus na suḃáilciḋe fá úṁlaċd ḋó


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ