Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus do imḋearg Iósa é, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. Agus do imṫiġ an deaṁan as, ar na ṫrasgairt go lár, gan díoġḃáil ar biṫ do ḋéanaṁ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus ḃagair Íosa air, ag ráḋ: Bí do ṫost, agus gaċ amaċ as. Agus nuair a ċaiṫ an deaṁan i lár báire é, d’imṫiġ sé amaċ as, gan díoġḃáil ar biṫ a ḋéanaṁ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:35
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ris an ccionntaċ a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidiġsi dfoillsiuġaḋ, agus go ngéuḃṫá mo ċunnraḋ ad ḃéul?


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Sátan, Go naiṫḃiriḋ an TIĠEARNA ṫú, a Ṡátan; eaḋon an TIĠEARNA do ṫoġ Ierusalem go nimḋearga sé ṫú: naċ aiṫinne so ar na ṫarruing as an tteine?


Agus do spreag Iósa an deaṁan; agus do imṫiġ sé as: agus do ḃí an leanaḃ slán ó núairsin a maċ.


Agus a deir seisean ríu, Créud fá a ḃfuiltí eaglaċ, a luċd an ċreidiṁ ḃig? Ar néirġe ḋósan an tansin, do ḃagair sé air an ngáoiṫ agus air an ḃfairge; agus ṫainic ciúnas mór ann.


Agus do réub an spiorad neaṁglan é, agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, táinic se a maċ as.


Agus ar néirġe ḋósan, tug sé aċṁnsan don ġáóiṫ, agus a duḃairt sé ris an ḃfairge, Coisg, bí balḃ. Ann sin do ċíuinaiġ an ġáoṫ, agus do ḃí súaiṁneas mór ann.


Agus ar néiġeaṁ ḋó, agus ar na ṫarrang as a ċéile go ro úaṫḃásaċ, do ċúaiḋ sé a maċ as: agus do ḃí sé a rioċd ṁairḃ; ionnas go nduḃradar mórán, Go ḃfúair sé bás.


Aċd an tráṫ ṫig duine is neartṁaire ná é, beiriḋ sé búaiḋ air, agus tóguiḋ sé leis a uile armaíl ann ar ċuir sé a ṁuiniġinn, agus roinniḋ sé a eadáil.


Agus a duḃairt sé ríu, Déara siḃ rium gan ambarus an seanḟocalsa, A líaġ, leiġis ṫú féin: leiṫeid na neiṫeaḋ do ċúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad ḋúiṫċe féin íad


Agus ar seasaṁ ḋosan ós a cionn, do imḋearg sé an fiaḃrus; agus dfag an fíaḃrus í: agus ar néirġe ḋisi do laṫair do rinne sí frioṫolaṁ ḋóiḃ.


Agus fós do imṫiġid ís na deaṁain as mórán, ag éiġṁe, agus ag ráḋ, Is tusa Críod Mac Dé. Aċd dá nimḋeargaḋ ḋósan ní léiġeaḋ sé ḋóiḃ a ráḋ: go raiḃ a ḟios aca gur ḃé féin Críosd.


Agus ar ndol cuigesean dóiḃ, do ḋúisgeadar é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, a ṁaiġisdir, a támaoid ar fágḃáil. Agus ar neirġe ḋósan do ḃagair sé ar an gaoiṫ agus ar ṫonnġail a nuisge: agus do ċoisgeadar, agus tainic ciuinas ann.


Agus, féuċ, beiríḋ an spiorad air, agus éiṁiġ sé go hobann; agus tairrngiḋ sé as a ċeile é ag cur cuḃair amaċ, agus is ar éigin ḟágfas sé é tar éis a ċoṁmbrúġaḋ.


Agus ad teaċd ċuige ḋó, do ḃúail an deaṁan síos é, agus do ṫarruing sé as a ċeile é. Aċd do imḋearg Iósa an spiorad neaṁglan, agus do leiġis sé an leanaḃ, agus ṫug sé ḋá aṫair fein é.


Uime sin a ḟlaiṫeaṁnasa, bíoḋ gairdeaċas oruiḃ, agus oruiḃse a luċd áitreaḃas ionnta. As mairg do aitréiḃuiġ an talaṁ agus do nfairrge! Óir táinic an díaḃal a nsúas ċúguiḃ, lán do ċúṫaċ feirge, ar mbeiṫ a ḟeasa aige gur ab aiṫġearr a aimsir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ