Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 4:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd go fírinneaċ deirimsi riḃ, Go raḃadar morán baintreaċaċ a láeṫiḃ Elias a Nísraél, an tráṫ do ḃí an ḟiormámeint druite trí blíaḋna agus sé ṁí, ionnas go raiḃ gorta ṁór ar feaḋ na talṁan uile;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Deirim liḃ go fírinneaċ go raiḃ mórán baintreaḃaċ i n-Israél le linn Elíais, nuair a ḃí an spéar druidṫe trí bliaḋna agus sé ṁí, agus gorta ṁór ar fuḋ na tíre go léir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aċt adeirim liḃ le fírinne, gurḃ iomḋa baintreaḃaċ do ḃí i nIsrael i laeṫiḃ Éliais, an tráṫ ’n‐a raiḃ an spéir dúnta ar feaḋ trí bliaḋan agus sé mí, an tráṫ ’n‐a raiḃ gorta ṁór sa tír ar fad;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Deirim liḃ le fírinne go raiḃ mórán baintreaċ i n-Israél i laeṫiḃ Elias, nuair a ḃí an spéir dúnta ar feaḋ trí bliana agus sé ṁí, agus an gorta mór sa tír go léir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 4:25
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Elias an Tisbiteaċ, noċ do ḃí dáitreaḃaiḋ Gílead, ré Hahab, Mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, a laṫair a ṡeasuimse, ní ḃiáiḋ drúċd nó fearṫuinn annsna blíaḋnuiḃsi, aċd do reír mfocuilsi.


¶ Oír ní híad mo smúaintiġṫe ḃur smuáintiġṫesi, ní mo asíad ḃur sliġṫe mo ṡliġṫesi, a deir an TIĠEARNA.


A né naċ ceaduiġeaċ ḋaṁsa an ní is toil leam féin do ḋéanaṁ rém ċuid féin? An ḃfuil do ṡúilsi go holc, air son go ḃfuilimsi maiṫ?


Ar a núairsion do ġaḃ gáirdeaċas iona spioraid Iósa, agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas duit a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, trí gur ḟoluiġ tú na neiṫesi ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus glioca, agus gur noċd tú iad do naoiḋeanánuiḃ: a seaḋ, a Aṫair; tré gur ab mar sin do buḋ toil leaċd féin é.


Oír a deir sé ré Máoise, Do ḋéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do ḋéuna mé truaiḋe don té ḋá ndéunuiḋ mé truáíḋe.


Aċd ó a ḋuine, cía ṫusa ṫagrus a naġuiḋ Dé? A naibeóra an ní do cumaḋ ris an té do ċum é, Créd fá a ndearnuiḋ tú mé mar so?


Ann a ḃfuilmidne toġṫa, air ar réiṁċinneaḋ réir órduiġṫe an tí oibriġeas na huile neiṫer réir ċoṁairle a ṫola féin, noċ ann ata fós oiriġeaċd aguin:


Ag foillsiuġaḋ ḋúinne ruindíaṁair a ṫola, do réir ḋéaġḟuinn féin noċ do ċuir sé roiṁe ris féín:


Do ḃí Elías na ḋuine anḃfann cosṁuil rinne, agus do ġuiḋ sé go dúṫraċdaċ fá gan ḟearṫuinn do ḃeiṫ ann: agus ní ḋearnaḋ fearṫuin ar an dtalaṁ feaḋ ṫrí mbliaḋan agus sé míos.


Atá do ċúṁaċduiḃ aca so neaṁ do ḋúnaḋ, ionnas naċ mbíaḋ fearṫuin ann a laeṫiḃ a ḃfáiḋeadóireaċda: agus atá cúṁaċda aca ós na huisgiḋiḃ ar a niompóġ a ḃfuil, agus ar an dtalaṁ do ḃúalaḋ ré gaċ uile ġné ṗláiġe, coṁminic as áill ríu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ