9 Agus a tá an tuáiġ a nois fós ar na cur ċum fréiṁe na gcrann: ar a naḋḃarsin gaċ uile ċrann naċ dtaḃair toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear sa teiniḋ é.
9 Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: gaċ uile ċrann, d’á ḃriġ sin, naċ dtugann toraḋ maiṫ uaiḋ, gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.
¶ Cía ré ar cosṁuil ṫusa marso a nglóir agus a mórḋaċt a measc ċrann Eden? giḋeaḋ do ḃéarṫar síos ṫú maille re crannuiḃ Eden go háitiḃ íoċtaraċa na talṁan: luiġfiḋ tú a meaḋón na neiṁṫimċillġéarrṫa a ḃfoċair an luċta marḃṫar leis an ccloiḋeaṁ. Isé so Ṗárao, agus a uile iomadaṁlaċt, a deir an Tiġearna DIA.
Dfúagair seision go hárd, agus a duḃairt marso, Gearruiḋ síos an crann, agus gearruiḋ a ḃeangáin de, croiṫiḋ a ḋuille ḋe, agus díoscaóiliḋ a ṫoraḋ: imṫiġdis na beaṫuiġe ó ḃeiṫ faói, agus a néunlaiṫ ó na ḃeangánuiḃ.
Agus an tionad a ḃfaca an ríġ forḟaireaċ agus áon náoṁṫa ag teaċd a núas ó neaṁ, agus ġá ráḋ, Gearruiḋ síos an crann, agus scriosuiḋ é; ṫairis sin fágḃuiḋ bun na ḃfréaṁ annsa talaṁ, éaḋon lé cuiḃreaċ íarruinn agus práis, a ḃféur ṁín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille re beaṫuiġiḃ an ṁaċaire, go ndeaċuid seaċd naimsiora ṫairis;
Agus a nois atá an túaġ ar na cur do ċum fréiṁe na gcrann: air a naḋḃarsin gioḋ bé crann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear san teiniḋ é.
Agus mar an gcendna a duḃairt sé an ċosaṁlaċdsa; Do ḃí crann fige ag duine áirige curṫa ann a ḟíneaṁain; agus táinic sé diárruiḋ toraiḋ air, agus ní ḟuáir.
Agus a duḃairt sé ris an ngárradóir, Féuċ, atáim ré trí bliáḋuiḃ ag teaċd diárruiḋ toruiḋ ar an gcrann fígsi, agus ní faġaim: gear é; cred fá gcungṁann sé an fearann go neaṁṫarḃaċ?