Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus do ḃí Iosa féin a dtimċioll a ḋeiċmblíaḋan fiċead dáois, ar mbeiṫ (do réir ḃreaṫnuiġṫe na ndáoine) na mbac ag Ióseṗ, ṁic Héli,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ḃí Íosa é féin ag toiseaċt fá ṫuairim a ḋeiċ mbliaḋan fiċead d’aois, agus é, mar a ṡíltí, ina ṁac ag Ióseṗ, mac Heli, mac Ṁatait,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do ḃí Íosa féin, ag tosnú ar ḃeiṫ tuairim deiċ mbliaḋna fiċead d’aois, agus do ḃí sé (mar raoileaḋ) ’n‐a ṁac ag Seosaṁ, mic Héli,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus ḃí Íosa féin ag dul ’n-a ḋeiċṁaḋ bliain fiċid nó mar sin, ’n-a ṁac, dar le daoine, ag Ióseṗ, mac Hélí, mic Maṫat,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:23
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.


¶ Do ḃí Dáiḃi tríoċad blíaḋan daóis a nuáir do ṫosuiġ a rioġaċd, agus do ḃí ná ríġ ceaṫraċad blíaḋan.


O ṫríoċad bliaḋan daois agus ós a ċionn go nuige umurró caogod bliaḋan daois, a nuile ḋuine raċus annsa tslúaġ, do ḋéanaṁ saoṫair a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.


O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caogad bliaḋan dáois, gaċ éinneaċ da dtéid san tserḃís, ċum na hoibre a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:


O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige cáogad bliaḋan dáois, a nuile ḋuine da raċaiḋ annsa tserḃís, ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,


O ṫrioċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caógad bliaḋan dáois, anuile ḋuine dá dtéid annsa tserḃís, ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,


O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caogad bliaḋan dáois, gaċ éanduine da ttáinic dul do ḋéanaṁ serḃíse miniostralaċda, agus serḃíse a núaluiḋ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,


Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.


Agus do ġein Iácob Ióseṗ fear Ṁuire, as ar geineaḋ Iósa, da ngoirṫear Críosd.


Agus do ġein Iesse Dáiḃi an rí; agus do ġein Dáiḃi an ri Solomon on mnáoi do ḃi ag Urías;


A né naċ é so mac an tsáoir? a ne naċ dá ṁaṫair ġoirṫear Múire? a né naċ íad a ḋearḃraiṫreaċa, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas?


O sin a maċ do ṫionnsgain Iósa seanmóir do ḋéanaṁ ag ráḋ, Déanuiḋ aiṫriġe: oír ḋruid an rioġaċd neaṁḋa riḃ.


An né naċ é so an sáor úd, mac Ṁuire, agus dearḃráṫair Ṡéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Ṡímóin? agus an né naċ ḃfuilid a ḋeirḃṡeaṫraċa ann so eadruinne? Agus fúaradar oilḃéim ann.


Agus ar na ḟaicsin dóiḃ, do ġaḃ úaṫḃás iad: agus a duḃairt a ṁáṫair ris, A ṁic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuċ, do ḃí misi agus daṫair lán do ḋoḃron dod lordaireaċd.


Ṁic Meléa, ṁic Mainán, ṁic Matata, ṁic Nátan, ṁic Ḋáiḃi,


Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?


Fuáir Ṗilib Natánael, agus a duḃairt sé ris, An té air ar sgríoḃ Máoisi ann sa reaċd, agus na fáiḋe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseṗ.


Agus a duḃradar, An né naċ é so Iósa, mac Ióseṗ, agar ab aiṫnid dúinne a aṫair agus a ṁáṫair? ar a naḋḃarsin cionnus a déir sé, Do ṫuirrling mé ó neaṁ?


Do rinne mé an céudleaḃar, a Ṫeoṗilus, a dtimċeall gaċ uile neiṫe do ṫionnsgain Iósa do ḋéanaṁ agus do ṫeagasg,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ