Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus tárla, an tan do baisdeaḋ an pobal uile, agus do ḃí Iósa agá ḃalsdeaḋ, agus ag déanaṁ úrnaiġṫe, gur bosglaḋ neaṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus ṫárla, nuair a ḃí na daoine uilig dá mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ neaṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Do ṫárla, áṁṫaċ, nuair a ḃí na daoine go léir ḋ’á mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur h-osgalaḋ an spéir,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:21
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois ṫáinig a ccríċ annsa tríoċadṁaḋ blíaḋain, annsa ċeaṫraṁaḋ mí, an cúigeaḋ lá don ṁí, mar do ḃí misi a measg na mbráġad láiṁ ré haḃuinn Ċebar, gur hosglaḋ na neaṁa, agus go ḃfaca me fis Dé.


Agus an tan do léig sé an pubal úaḋ, do ċúaiḋ sé súas air ṡlíaḃ ná áonar do ḋéanaṁ urnuiġṫe: agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, do ḃí se an sin ná áonar.


Aċd do ċúaiḋ seisean fá leiṫ ar an ḃfasaċ, agus do rinne sé urnuiġe.


Agus tárla, an tan do ḃí sé na áonar ag déanaṁ urnuiġe, go rabbadar a ḋeisciobuil na ḟoċair: agus gur ḟíafruiḋ sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Créd a deir an slúaġ cía misi?


Agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃfaicfiḋe ó so amaċ neaṁ osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teaċd a núas ar Ṁac an duine.


(Ag tosuġaġ ó ḃaisdeaḋ Eóin, go soiṫe an lá ann a rugaḋ súas uáinn é,) go mbíaḋ sé ar ḃfoċairne na ḟíaḋnuisi ar eiséirġesean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ