Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do ċuireadar na saiġdiúiríġ fós ceisd air, ag ráḋ, Agus créad do ḋéunuimne? agus a duḃairt seisean ríu, Ná déunaiḋ foiréigean ar ḋuine ar biṫ, agus ná hagraiḋ duine ar biṫ go heugcóraċ agus go maḋ lór liḃ ḃur dtúarasdal féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ċeistiġ saiġdiuirí é fosta, ag ráḋ: Agus cad é tá le déanaṁ againne? Agus duḃairt sé leo: Ná scannruiġigiḋ aoinneaċ agus ná cuirigiḋ bréag ar aoinneaċ, agus bígiḋ sásta le ḃur dtuarastal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do ċuir saiġdiúirí ceist air, leis, g‐á ráḋ, Agus créad atá le déanaṁ againne? Agus aduḃairt sé leo, Ná déanaiḋ foiréigean ar aoinneaċ, agus ná h‐agraiḋ éinniḋ go h‐éagcóraċ; agus biḋiḋ sásta le n‐ḃúr dtuarastal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus do ċeistiġ saiġdiúirí é, agus duḃradar: Cad tá le déanaṁ againne? Agus duḃairt sé leó: Ná deiniḋ láṁláidir ar aoinne, agus ná deiniḋ cúlċaint ar aoinne, agus bíḋiḋ sásta le nḃúr dtuarasdal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:14
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḃéura tú fíaġnuisi ḃréige a naġuiḋ do ċoṁarsan.


Ni ṫóigfe tú iomraḋ bréagaċ: ná cuír do láṁ leis na droċḋáoiniḃ ċum ḃeiṫ ad ḟíaġuin neiṁḟíréunta.


¶ Ní ġádfuiḋe, agus ní ḋéantáoi ní neiṁḟírinneaċ, ni mó do ḋéantáoi bréag ré ċeile.


Agus ar ndul Díosa a sdeaċ go Capernáum, ṫáinic sentúrion ċuige, dá ġuiḋe,


Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid.


Agus do ḟíafruiġ an slúaġ nile ḋe, ag ráḋ, Ar a naḋḃarsin créud do ḋeunam?


Agus a duḃairt seision ríu, Na déunuiḋ ní sa ṁó ná do horduiġeaḋ ḋaóiḃ.


Agus ar nimṫeaċd don aingeal do leaḃair le Cornéliuis, do ġoir sé ċuige dís dá ṁuinntir, agus saiġdiúír díaġa don druing do ḃí na ḟoċair;


Ionnus go mbiáiḋ siḃ neiṁċiontaċ agus neaṁurċóideaċ, ḃur gcloinn neaṁloċduiġ ag Día, a measg ḋroiċċiniḋ ċrosda, eidir a ḃfuil siḃ ag deallruġaḋ mar lóċrannuiḃ soilse sa tsáoġal;


Ní tré ríaċdanus a deirim so: óir do ḟoġluim misi, ḃeiṫe sásuiġ, ris an staid ann a ḃfuilim.


Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomċuḃaiḋ do náoṁṫaċd, gan ḃeiṫ na luċd eíliġe go héugcoir, gan íad féin do ṫaḃairt go hiomarcaċ dfíon, na luċd teaguisg neiṫeann maiṫ;


Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ