Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té agá ḃfuil dá ċóta, roinneaḋ ris an té ag naċ ḃfuil; agus giḋ bé agá ḃfuil bíaḋ, déanaḋ sé mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus deir sé leo, ġá ḃfreagairt: An té a ḃfuil ḋá ċasóig aige, taḃaraḋ sé do’n té naċ ḃfuil aige, agus an té a ḃfuil biaḋ aige, déanaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: An t-é go ḃfuil ḋá ċasóig aige tugaḋ sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go ḃfuil bia aige deineaḋ sé mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:11
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ;


Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.


Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.


Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ.


Agus ar na cclos so Díosa, a duḃairt sé ris, Atá éinni fós duireasḃuiḋ ort: reac a ḃfuil agad, agus roinn ar na boċduiḃ, agus bíaiḋ cisde ar neaṁ agad: agus tárr, lean misi.


Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid.


Oír do ṡáoileadar cuid ḋíoḃ, do ḃriġ gur ab ag Iúdas do ḃí an sparán, gur ab é ní a duḃairt Iósa ris, Ceannuiġ ḋúinn giḋ bé ḃías a riaċdanus oruinn ċum na sollamna; nó, ní éigin do ṫaḃairt do na boċdaiḃ.


Duine ríaġalta, ar a raiḃ eagla Dé, maille ré na ṫiġ uile, noċ do ḃeireaḋ iomad déirce donṗobal, agus do ḃíoḋ ag guiḋe Dé do ġnáṫ.


Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.


An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus.


Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;


Máiṫ do ḋéunaṁ, ḃeiṫ sáiḋḃir a ndéaġoibriġṫiḃ, éusguiḋ fá na gcuid do ṫaḃair úaṫa, agus do róinn maille ré cumann;


Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.


Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.


Créd é an tarḃa, a ḋearḃráiṫre, do neaċ a ráḋ go ḃfuil creideaṁ aige, agus gan oibreaċa aige? an ḃféudann an creideaṁ a ṡáoraḋ?


Agus giḋ bé agá ḃfuil maóin an tsáoġailse, agus do ċí a ḋearḃráṫair a ríaċdanas, agus naċ déun trúaiġe ḋó, cionnus ċoṁnuiġeas graḋ Dé ann?


Dá nabra éinneaċ, atá gráḋ agum air Ḋía, agus fúaṫ ḃeiṫ aige air a ḋearḃráṫair, is bréugaċ é: Oír cionnas is éidir don tí naċ gráḋuiġeann a ḋearḃráṫair do ċonnairc sé, gráḋ ṫaḃairt do Ḋía naċ ḃfacuiḋ sé?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ