Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus an-cuigeaḋ bliaḋan déug dimpireaċid Ṫibérius Séasar, ar mbeiṫ do Ṗonsius Ṗioláid na úaċdarán a ttir Iúdáiġe, agus Ioruáiṫ na ṫéatrarc sa Ngalilé, agus Ṗilip a ḋearḃraṫair na ṫéatrarc air Ituréa agus air ċríċ Ṫraċonítis, agus Lísánias na ṫetrarċ air Abiléne,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus san cúigeaḋ bliaḋain déag d’impireaċt Ṫibériuis Caesar, nuair a ḃí Point Pioláit ina uaċtarán ar Iudaia, Ioruaḋ ina ṫeatrarc ar an Ġailile, agus Pilip, a ḋearḃráṫair, ina ṫeatrarc ar Iturea agus ar ċríoċa Ṫraṫonítis, Lusanias ina ṫeatrarc ar an Aibiléin,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Sa ċúigṁaḋ bliain déag d’ímpireaċt Ṫiberias Caesair, nuair a ḃí Pontius Pílát i n’uaċtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a ṫetrarc ar Ġaililí, agus a ḋriṫáir Pilib ’n-a ṫetrarc ar Ituria agus ar ċríċ Traconítis, agus Lisanias ’n-a ṫetrarc ar Abilína,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 3:1
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


Fa a námsin do ċúalaiḋ Iórúaiṫ an Téatrarca clú Iósa,


Oír do ġlac Iorúaiṫ Eóin, agus do ċeangáil sé é, agus do ṫéilg sé a bpríosún é ar son Heródias, mna Ṗilib a ḋearbráṫar féin.


Agus an tan do ḃí sóllamain an láoi ann a ruġaiḋ Iorúaiṫ dá ḋéanaṁ, do rinne ínġean Heródias daṁsa na ḟíaḋnuisi, agus do ṫaitin sí ré Hiorúaiṫ:


Ar a naḋḃarsin innis dúinne, créd do ċíṫear ḋuit? An cóir cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, no gan a ṫaḃairt?


Agus na ċeangal ḋóiḃ, rugadar léo é, agus ṫugadar do Ṗóinnsius Piláit an túaċdarán é.


Oír ag cur ḋáoine úaḋ Diorúaiṫ, do ġaḃ sé Eóin, agus do ċeangail sé a bpríosun é ar son Heródias, ṁná ṗósda Ṗilip a ḋearḃráṫar féin: do ḃríġ gur ṗós sé í.


Agus an tan do ḃí lá iomċuḃaiḋ ann, an a ndearna Iorúaiṫ suipér dá úaisliḃ, agus dá ċáiptíniḃ, agus dúaċdaránuiḃ na Galilé, coṁainm a láoi fá rugaḋ é;


An lasin féin tangadar cuid airiġe do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, ag raḋ ris, Imṫiġ amaċ, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáiṫ do ṁarḃaḋ.


Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ áiṫne ó Ṡéasar Augustus, an doṁan uile do ṁeas,


Agus rug Píoláid do ḃreiṫ an ní díarradarsan do ḋéanaṁ.


Agus ar gcur an aġaiḋ Iórúaiṫ an Téatrarca ḋó, fá Heródias bean Ṗilip a ḋearḃraṫar, agus fá gaċ uile olc dá ndearna Iorúaiṫ,


Agus do ċúaluiḋ Ióruáiṫ an Tetrarca gaċ uile ní dá ndeamuiḋ seision: agus do ḃí sé a naṁarus, do briġ go nduḃradar dáoine áiriġe, gur éiriġ Eóin ó ṁarḃuiḋ;


Beaṫa agus sláinte ó Ċlaudius Lísias ċum a nárdúaċdaráin ro oiḋeirc Félics.


Agus ar gcoiṁliónaḋ ḋá ḃlíaḋan táinic Porcius Festus a náit Ḟélics: agus ar mbeiṫ fonnṁar Dfelics air ḃuíḋeaċus na Niúdaiġeaḋ do ṫuilleaṁuin, dfag sé Pól ceanguilte.


Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiriḋ an rí súas, agus an túaċdarán, agus Bernice, agus an dream do ṡuiḋ na ḃfoċaire.


Oír do ċruinniġeadar gan ċonntaḃairt a ḃfoċair a ċéile, sa ċaṫraiġse, Ioruaiḋ, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineaḋaċuiḃ, agus ré puibleaċaiḃ Israél, a naġaiḋ do Ṁic náomṫa Iósa, noċ do óng tú,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ