Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 24:44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Agus a duḃairt sé ríu, Ag so na briaṫar do laḃair mé riḃ, a núair do ḃí mé fós ḃar ḃfoċair, gur ab éigin na huile neiṫe atá sgríoḃṫa a reaċd Ṁáoisi, agus ann sna fáiġiḃ, agus ann sna salmuiḃ, am ṫimċeallsa do ċoiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Agus duḃairt sé leo: Is iad seo na briaṫra a laḃair mé liḃ nuair a ḃí mé go fóill i ḃur measc, gurab éigean gaċ níḋ a ċóiṁ-líonaḋ, dá ḃfuil scríoḃṫa fá dtaoiḃ díom-sa i ndliġe Ṁaoise, agus ins na fáiḋe, agus ins na sailmeaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus duḃairt sé leó: Sidiad na focail a laḃras liḃ nuair a ḃíos fós i nḃúr measg, náċ foláir gaċ níḋ do ċóṁlíonaḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa orm-sa i ndlíġ Ṁaoise agus ins na fáiḋiḃ agus ins na salmaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 24:44
88 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug Melċisedec riġ Sálem amaċ arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é.


Agus ann do ṡiolsa ḃeid a nuile ċineaḋ ar talaṁ beannuiġe; do ċionn gur uṁluiġ tú dom ġlór.


Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


An ċloċ do ḋíultadar na saóir sí atá ar ndéanaṁ na ceann san gcuáine.


¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.


¶ Féuċ, do ḋéana mo ṡeirḃíseaċ go críonna, áirdeoċṫar é agus tóigfiġear súas é, agus biáiḋ sé go ré‐ard.


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.


¶ Féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttoigfe mé do Ḋáiḃi Beangán fíréunta, agus ríġfiḋ Ríġ, agus béara sé buáiḋ, agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus ceart annsa talaṁ.


Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ccoiṁlíonfa misi na neiṫe maiṫe do ġeall mé do ṫiġ Israel agus do ṫiġ Iúdah.


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Glacfa mé fós don ġéig is áirde don cédar árd, agus cuirfiḋ mé é; agus geárrfa mé do ḃárr a ḃeangán óg géug ṁáoṫ, agus plainndeoċa mé í a slíaḃ árd oirḋeirc:


Agus cuirfe mé súas áon áoḋaire aṁáin ós a ccionn, agus beaṫoċa sé íad, eaḋon mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi; beaṫoċa sé íad, agus biáiḋ na áoḋaire aca.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.


Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.


¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód:


¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.


¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.


Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.


Agus laḃair ris, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Féuċ an duine darab ainm an BEANGAN; agus fásfuiḋ sé súas as a áit, agus cuirfe sé súas teampall an TIĠEARNA:


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Déana ḋuit naṫair niṁe ṫinntiġe, agus cuir ar ċrann í: agus tiucfa ḋe sin, gaċ duine loitfiġear, a nuáir ḟéaċfus uirre, go mairfiḋ sé.


Agus sáorfuiḋ an coṁċruinniuġaḋ an marḃṫóir amaċ as láiṁ ḋioġaltóra na fola, agus áiseoċuiḋ an coṁċruinniuġaḋ é go caṫruiġ a ḋídin, ionar ṫeiṫ sé: agus fánfuiḋ ann go bás a nárdṡagairt, noċ do hungaḋ leis a nola náoṁṫa.


Agus do rinneaḋ so uile, do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna tres an ḃfaiḋ, ag ráḋ,


O a núairsin amaċ do ṫionnsgain Iosa a ḟoillseaġaḋ ḋá ḋeisciobluiḃ, gur ab éigin dó ḋul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuiḃ agus ó úaċdaránaiḃ na sagart agus ó na sgriobuiḋiḃ, agus bás dfulang, agus eiséirġe an treas lá.


Aċd cionnas do coiṁlíonfuiḋṫe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a ḃeiṫ.


Aċd táinic so uile ċum críċe, ionnas go gcoiṁlionfuiḋṫe sgrioptúiriḋe na ḃfáiḋeaḋ. Ar na ṫréigean dá ḋeiscíobluiḃ uile ann sin, do ṫeiṫeadar.


Oír do ṫeagaisg sé a ḋeisciobail féin, agus a duḃairt sé ríu, Do ḃéurṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndáoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃaḋ, éiréoċuiḋ sé an treas lá.


Oír a síad so láeiṫe an dioġaltuis, ionnus go gcoiṁlionfuiḋṫe na huile neiṫe atá sgríoḃṫa.


Oir a deirim riḃ, Gur ab éigin fós an ní atá sgrioḃṫa do ċoiṁlíonaḋ ionnamsa, Agus atá sé ar na ċoṁáireaṁ a measg na ndáoine coirṫéaċ: óir na neiṫe úd atá am ṫaoiḃse atá deireaḋ aca:


Agus a duḃairt sé ríu, Gur mar so do ḃi sé sgríoḃṫa, agus gur mar so dob éigin do Ċríosd fulang, agus éiseirġe ó ṁarḃuiḃ an treas lá:


Ag ráḋ, Gur ab éigin do Ṁac an duine mórán dfulang, agus a ḋinltaḋ ó na sinnsearniḃ agus ó úaċdaránniḃ na sagart agus ó na sgriobuidgiḃ, agus bás dfulang, agus éirġe an tres lá.


Taisgiḋ na bríaṫrasa ann ḃur gcluasaiḃ: óir tiofuiḋ ċum ċríċe go dtioḃarṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndaóine.


Agus mar do árduiġ Máoisi a naṫair neiṁe ar an ḃfásaċ, as mar sin as éigean Mac an duine dárduġaḋ:


Cúartuiġiḋ na sgriobtuiriḋe; oír do ciṫear ḋáoiḃ fein gur ab ionnta ġeiḃṫí an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: agus as iad sin ḃeireas fiaḋnuisi leamsa.


Oir dá gcreideaḋ siḃ do Ṁáoisi, do ċreidfeaḋ siḃ ḋaṁsa: óir do sgríoḃ seision oramsa.


Gur ċoiṁlíon Día ḋúinne a gclann é, at dtógḃáil Iósa súas arís; mar atá sgríoḃṫa fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Ṁacsa, a niuġ do ġein mé ṫú.


Uime sin taḃraiḋ ḃur naire riḃ, náċ dteigeuṁaḋ ḋáoiḃ, a ní atá ar na ráḋ ris na fáiḋiḃ;


Ar a naḋḃar naċ ḃfúigfe tú manam a nifearn, agus ní ḟuileónga tú do Aón Náoṁṫa féin truáilliḋeaċd dfaicsin.


Aċd is mar so do ċoṁlíon Día, na neiṫe do réuṁḟoillsiġ sé tré ḃéul a ḟaiġeaḋ uile, go ḃfuileóngaḋ Críosd.


A sé so an Máoise úd, noċ a duḃairt ré cloinn Israél, Tóigéuḃaiḋ Día ḃur Dtiġearna fáiḋ súas dáoiḃ da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar misi; éisdfiṡ siḃ ris.


Oir ar mbeiṫ do sgáile na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda ag an reaċd, agus ní dealḃ fíre na neiṫeann féin, ní féidir leis ċoiḋċe na druinge ṫig ċuige do náoṁaḋ ris na hioḋbarṫuiḃsin ḃíd ḟóráil do ġnáṫ gaċa blíaḋna.


Agus go deiṁin do ḃí Máoise díleas ann a ṫíġsean uile, mar ṡearḃḟoġantuiġ, ċum fíaḋnuise na neíṫeann do ḃí ċum a laḃarṫa;


Oir an Melċisedecsa rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, ṫarrla sé Dábraham ar mbéiṫ ḋó ag filleaḋ air ais ó ár na ríġṫeaḋ, agus do ḃeannuiġ sé é;


Ar mbeiṫ don Sbiorad Náoṁ ḋá ḟoillsiuġaḋ so, nár hosglaḋ fós an tsliġe ċum a niosda ro náoṁṫa, an feaḋ do ḃi an céud ṫabearnácail na ṡeasaḋ:


Ag cúartuġaḋ, créd í a nuáir nó a náimsir do ḟoillséoċaḋ Spiorad Ċríosd noċ do ḃí ionntaḋ, ag déunaṁ réiṁfíaḋnuise air na neiṫiḃ do ḃí a ndán do Ċriósd ḟulang, agus an ġlóir róṁor do leanfaḋ ḋíoḃ.


Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ