Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 24:39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Feuċaiḋ mó láṁa agus mó ċosa, óir is misi féin atá ann: glacaiḋ, agus féuċaiḋ mé; oír ní ḃfuil féoil na cnáṁa ag spioruid, mar do ċiṫi agamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Feicigiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise féin atá ann; moṫuiġigiḋ agus feicigiḋ, óir ní ḃíonn feoil agus cnáṁa ag spiorad, mar atċí siḃ agam-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise atá ann: cuiriḋ ḃúr láṁa orm, agus féaċaiḋ; óir ní ḟuil feoil agus cnáṁa ag spioraid, mar do‐ċí siḃ a ḃeiṫ agam‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mé féin atá ann; cuiriḋ ḃúr láṁa orm agus feiciḋ; ní’l feóil agus cnáṁa ag spioraid mar a ċíonn siḃ atá agam-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 24:39
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin fillfiḋ an luáiṫreaḋ ċum na críaḋ már do ḃí sé: agus fillfiḋ an spiorad ċum Dé noċ ṫug úaḋ é.


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Agus ar néiġeaṁ Díosa do ġúṫ ṁór, a duḃairt sé, A Aṫair, táoḃam mo spiorad ann do laṁaiḃsi: agus an tan a duḃarit sé na neiṫesi, do ċúaiḋ a spiorad ás.


Agus a duḃairt seision ríu; Créd fá ḃduilti ar ḃar mbúaiḋreaḋ, agus créd fá a néirġid smúaintiġe ann ḃar gcroiḋṫiḃ?


Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi do ṫaisbéin sé ḋóiḃ a láṁa agus a ċosa.


Agus ar na ráḋ so ḋó, do ṫaisbéin sé a láṁa agus a ṫáoḃ ḋóiḃ, Uime sin do ḃí gáirdeaċus ar na deisciobluiḃ, an tan do ċunncadar an Tiġearna.


Ar a naḋḃarsin a duḃradar na deisciobail eile rís, Do ċunncamairne an Tiġearna. Agus a duḃairt seision ríu, Muna ḃfaice misi lórg na dtairrngeaḋ ann a láṁuiḃ, agus muna gcuire mé mo ṁéur a náit na dtairrngeaḋ, agus muna ccuire mé mo láṁ ann a ṫáoḃ, ní ċreidfe mé.


Na ḋiaiġ sin a duḃairt sé ré Tomás, Cuir do ṁéur ann so, agus féuċ mo láṁa; agus taḃair do láṁ leaċd, agus cuir ann mo ṫáoḃ í: agus na bí míċreidṁeaċ, aċd créidṁeaċ.


Agus dár ṫaisbén sé é féin béo a ndiáiġ a ṗáisi maille lé mórán do ċoṁarṫaiḋiḃ fírinneaċa, ar feaḋ ḋá ḟiċead lá dá ḟoillsiuġaḋ féin doiḃ, agus ag teaċd ar na neiṫiḃ do ḃean ré rioġaċd Dé:


Agus go ndéarna Día na sioṫċána féin náomṫa siḃ go hiomlan; agus go gcoiṁéudṫar ḃur spiorad agus ḃur nanam agus ḃur gcorp go huiliġe ó ċiontuiḃ go teaċd ar Dtíġearna Iósa Críósd.


Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?


An ní do ḃí ann ó ṫús, an ní do ċúalamar, an ní do ċonncamar ré ar súiliḃ féin, an ní air ar ḟéuċamar, agus do ġlacadar ar láṁa, a dtáoḃ Ḃréiṫre na beaṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ