Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 24:38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus a duḃairt seision ríu; Créd fá ḃduilti ar ḃar mbúaiḋreaḋ, agus créd fá a néirġid smúaintiġe ann ḃar gcroiḋṫiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus duḃairt seisean leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ fríd a ċéile, agus cad ċuige a n-éiriġeann smaointe i ḃur gcróiḋe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a ḃfuil buaiḋirt oraiḃ? agus cad ċuige a ḃfuil ceisteanna ag éirġe i n‐ḃúr gcroiḋe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an t-eagla ḃeiṫ oraiḃ, agus smuínte ḃeiṫ ag eiriġe i nḃúr gcroiḋe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 24:38
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


Do ċonnairc mé aisling do ċuir eagla orum, agus do ḃúaiḋir smuáintiġṫe air mo leabuiḋ mé agus fise mo ċinn.


Agus ar an ṫuigsin sin Diósa, a duḃairt sé ríu, O luċd an ċreidiṁ ḃig, créd fá a dtagarṫáoi eadraiḃ féin, gur ab ar son naċ dtugaḃair arán liḃ?


Aċd ar mbeiṫ ḋóiḃsion ar criṫ agus lán deagla, do ṡáoileadar gur spiorad do ċunncadar.


Feuċaiḋ mó láṁa agus mó ċosa, óir is misi féin atá ann: glacaiḋ, agus féuċaiḋ mé; oír ní ḃfuil féoil na cnáṁa ag spioruid, mar do ċiṫi agamsa.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ