Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:51 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Naċ a áontaiġ ḋá gcoṁairle ná dá ngníoṁ súd; ó Arimatéa caṫair do ṫír Iúduiġe: agá raiḃ suil fós ré rioġaċd Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus níor aontuiġ sé seo leis an ċóṁairle ná le n-a ngníoṁ-arṫa, agus b’as Arimatea, caṫair de ċuid Iudaia, dó agus ḃí súil aige-sean fosta le ríoġaċt Dé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 fear cóir fíréanta (níor aontuiġ sé le ’n‐a gcóṁairle ná le n‐a ngníoṁ), fear as Arimatéa, caṫair de ċaṫraċaiḃ na nIúdaċ, do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Níor ṫoiliġ sé leis an gcóṁairle ’ná le n-a ngníoṁarṫa; ó Arimatéa b’eaḋ é, caṫair i n-Iúdaéa; agus ḃí sé ag súil le ríġeaċt Dé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:51
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃi mé ag fuireaċ réad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA.


Ní leanfa tú iomad do ḋeanaṁ uilc; ní mó laiḃeórus tú a gcúis do ċláonaḋ lé morán do ṫaḃaċ breaṫeaṁnuis:


A ṁic, má ḃrosduiġid peacaiċ ṫú, ná háontuiġ léo.


Na habraiḋ si, Osaḋ, re gaċ a naibeoruiḋ an pobalso, Osaḋ; agus ná bíoḋ eagla a neaglasan oruiḃsi, agus ná bíṫí úaiṁneaċ.


Aċd an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, táinic duine saiḋḃir ó Arimatéa, dár ḃainm Ióseṗ, do ḃí fós na ḋeisciobal ag Iósa:


Táinic, Ióseṗ ó Arimatéa, coṁairleaċ onóraċ, agá raiḃ fós súil ré ríoġaċd Dé, agus do ċúaiḋ sé a sdeaċd go dána dionnsuiġe Ṗíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.


Agus, féuċ, do ḃí duine a Níarusaléim, dár ḃainm Símeon; agus do ḃí an fearso coṁṫrom diaḋa, agus a ṡúil ré coṁḟurtaċd Israel: agus do ḃí an Spíorad Náoṁ ann,


Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.


Agus a duḃairt sé ré Híosa, A Ṫiġearna, cuiṁniġ oransa an tan ṫioċas tú ad rioġaċd féin.


Ar ndul dó so ċum Pioláid, díarr sé corp Iósa.


Anois do ḃí duine áiriġ ó Ramataim‐soṗim, do ṡliaḃ Eṗraim, agus dob é a ainm Elcanah, ṁac Ieroham, ṁic Elihu, ṁic Tohu, ṁic Suṗ, Eṗratiteaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ