Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus a duḃairt Iósa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní ḃfuil a ḟios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduiġsion, do ṫeilgeadar crannċar orṫu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus duḃirt Íosa: A Aṫair, maiṫ dóiḃ; óir ní ḟuil a ḟios acu cad é tá dá ḋéanaṁ acu. Agus ag roinn a ċuid éadaiġ eatorṫa dóiḃ, ċaiṫ siad crainn orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus duḃairt Íosa: A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní fios dóiḃ cad ’tá acu ’á ḋéanaṁ. Agus do rainneadar a ḃaill éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:34
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marso a déarṫaói ré Ioseṗ, Guiḋim ṫú annois, maiṫ cionta do ḋearḃráiṫreaċ agus a bpeacaḋ: óir do rinneadur olc ort: agus a nois íarmuid daṫċuingé ort, maiṫ cionta ṡérbiseaċ Dé haṫar: Agus do ġuil Ioseṗ a nuáir do laḃradur ris.


Roinnid méadaċ eaturra, agus do ṫeilgeadar crannċair air mo ċúlaiḋ.


Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.


Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.


A seaḋ, Aṫair: do ḃríġ gur ab mar sin do ḃí do ḋeaġṫoilse.


Aċd a deirimsi riḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ dá ḃur naíṁdiḃ, beannaiġiḋ na dáoine ṁallaiġeas siḃ, deunaiḋ maiṫ do na dáoiniḃ ait ar beag siḃ, agus deúnaiḋ urnaiġṫe ar son na muinntire ḃuaiḋreas siḃ, agus ḋíbreas suḃ;


Agus an tan do ċroċadar é, do roinneadar a éaduiġe, air dteilgean crannċuir orrṫa, créd do ṫóigfeaḋ gaċ neaċ ḋíoḃ.


Ag ráḋ, A Aṫair, mas toil leaċd, cuir an cupánsa ṫoram: aċ ċeana nar ab í mo ṫoilsi, aċd do ṫoilsi, do ḋéantar.


Ar a son atáimsi ag guiḋe: ní ar son an tsáoġail do ním guiḋe, aċd ar son na muinntire ṫug tusa ḋaṁ; óir is leaċdsa íad.


Do ḟreaguir Iósa, Ní ḃíaḋ cuṁaċda ar biṫ agad oramsa, muna dtugṫáoi ḋuit ó neaṁ é: ar a naḋḃarsin as móide peacaḋ an té do ṫoirḃir misi ḋuit.


Aċd do éiġ Pol do ġúṫ ṁór, ag ráḋ, Na déuna olc ar biṫ ḋuit féin: óir atámaóidne uile ann so.


Agus a nois, a ḋearḃraiṫe, atá a ḟios agam gur tré ainḃfios do rinneaḃair na neiṫe so, agus ḃur núaċdaráin mar an gcéadna.


Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé.


Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ḋíḃreas síḃ: taḃruiḋ ḃir mbeannaċd dóiḃ, agus na malluiḋe íad.


A néagna nar ḃaiṫne dáoinneaċ do ṗrionnsaiḋiḃ an tsáoġailse: óir dá maḋ aiṫne ḋóiḃ í, ní ċéusfaidís Tiġearna na glóire go bráṫ.


Agus atámáoid ag fáġáil ṡáoṫair, ag déunmah oibre ría ar láṁuiḃ féin: an tan ṁallaiġṫear sinn, do ḃeirmíd ar mbeannaċd úainn; an tan ġérléantar sinn, do ḃeirmid fulang uáinn:


Ar mbeiṫ ḋaṁ roiṁe um ḟear laḃarṫa blaisṗéimeaḋ, agus um ġerleanadóir agus um ḋuine eugcóraċ: aċd do rinneaḋ trócaire oram, ar a naḋḃar gur tré ainḃfios do rinne mé so ar ḋíṫ creidiṁ.


Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ