Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreiṫ ar Ṡiréanaċ áiriġe, dar ḃainm Simon, do ḃí ag teaċd ón túaiṫ, do ċuireadar an ċroċ air, dá hiomċara ndíaiġ Iósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus nuair a ḃí siad ġá ḃreiṫ leo, rug siad ar Ṡíomon, duine áiriṫe as an Ċuiréin, agus é ag teaċt ó’n tuaiṫ, agus ċuir siad an ċros air le h-iomċar ar ċúl Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus nuair a ḃíodar ’ġá ḃreiṫ leó do rugadar ar ḋuine ó Ċíréné dár ḃ’ainim Símón, agus é ag teaċt isteaċ ó’n dtuaiṫ, agus ċuireadar an ċros ar a ṁuin ċun í ḋ’iompar i ndiaiḋ Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:26
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gioḋ bé ḃéuras leis ar feaḋ mile ar éigin tú, imṫiġ leis ar feaḋ ḋá ṁíle.


Agus giḋ bé naċ iomċrann a ċros déin, agus naċ leanann mise, ní héidir leis ḃeiṫ ná ḋeisciobal agamsa.


Agus do léig sé amaċ ċuca an té do teilgeaḋ a bpriosún ar son ċeannairce agus marḃṫa, noċ do íarradar; agus tug sé Iósa ḋá dtoilsion.


Agus a duḃairt sé riá uile, Maḋ áill ré héinneaċ misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋo féin, agus toġbaḋ sé a ċros gaċ láoi agus leamaḋ sé misi.


Agus do ḃadar a neagluis na Hantíoċia faiḋe áiriġe agus luċd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirṫí Niger, ugus Lúcius ó Ċiréne, agus Manahen, coṁalta Ioruáiḋ an tetrarċa, agus Saul.


A Ḃṗrígia, agus a Bpamṗília, ann sa Négipt, agus a ranntuiḃ Libia timċeall Ċiréne, agus coigcrióċṫa na Róṁa, agus Iúduiḋe agus Proseliti.


Do ċuireadar íad so a ḃfíaḋnuise na nabsdal: agus ar ndéunaṁ urnuiġe ḋóiḃsean, do ċuireadar a láṁa orrṫa.


Agus déirġeadar súas dream áiriġe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertiniġ, agus na Cirenianaċ, agus luċd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbóraċd lé Steaṗán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ