Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 23:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃairt sé rín an treas uáir, Aċd, créud é an tolc do rinne sé? ní ḟuair mísi cúis ḃais ar biṫ air: ar a naḋḃarsin ar na smaċduġaḋ, leigfiḋ mé amaċ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt sé leo an tríoṁaḋ h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige seo? Ní ḟaġaim-se aon ċúis ḃáis ann; ar an aḋḃar sin, smaċtfaiḋ mé é, agus leigfiḋ mé saor é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus aduḃairt sé leo an treas uair, Cad ċuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní ḟuaras‐sa aon ċúis báis ann: smaċtóċad é, d’á ḃriġ sin, agus scaoilfead saor é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus duḃairt seisean leó an tríṁaḋ h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní ḃfaiġim aon ċoir ḃáis ann; smaċtóċad é, d’á ḃríġ sin, agus leigfead ċun siuḃail é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 23:22
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt sé riu, Tugaḃair ċugamsa an duinesi, mar neaċ iompóiḋeas an pobal: agus, féuċ, ar gceasduġaḋ ris damṡa ann ḃar ḃfiaḋnuisi féin, ní ḟúair me coir ar biṫ ar an duine do na neiṫiḃ agá ndéantáoisi casáoid air:


Ar a naḋḃarsin ar na smaċduġaḋ, léiġfiḋ mé uáim é.


Ar a naḋḃarsin, do laḃair Píoláid rín a rís, ar mbeiṫ fonnṁar ḋó ar Iósa léigean úaḋ.


Aċd do éiṁġeadarsan, ag ráḋ, Croċ é, croċ é.


Aċd do ṡeasadarsan go cruáiḋ ná aġuiḋ lé goṫannuiḃ móra, ag íarruiḋ eisiondo ċroċaḋ. Agus do ḃuaiḋeadar a ngóṫasan agus góṫa úaċdarán na sagart.


Agus a duḃairt Píoláid ris na hárdsagartuiḃ agus ris an tslúaġ, Ní ḟaġaimsi cúis ar biṫ air a ḃfearso.


Aċd ré fuil ṁórluáiḋ Ċríosd, aṁuil uáin gan ċáiḋe gan loċd:


Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ