Lúcas 23:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)15 Agus fós, ní ḟúair, Ioruáiḋ: óir do ċuir mé ċuige siḃ; agus, féuċ, ní ḋearnuiḋ níar biṫ leis do ṫuillfeaḋ bás. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)15 Ná ní ḟuair Ioruaḋ; óir ċuir mé ċuige-sean siḃ, agus féaċ, níor ṫárla aon níḋ dó a ṫuillfeaḋ bás. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 agus ní luġa naċ ḃfuair Ioruaṫ: óir do ċuir seisean ar ais ċugainn é; agus féaċ, ní ḟuil éinniḋ déanta aige ṫuilleas bás. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Agus ní lúġa ’ná mar a fuair Héród; mar do ċuireas ag triall air siḃ, agus féaċ níor deineaḋ aon níḋ leis ba ċóṁionan le bás. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |