Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:61 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

61 Agus ar gcasaḋ don Tiġearna, dféuċ sé ar Ṗeadar. Agus do ċuṁniġ Peadar ar ċomráḋ an Tiġearna, cionnas a duḃairt sé ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí huáire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

61 Agus ṫionntuiġ an Tiġearna ṫart, agus d’aṁarc sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar ḃriaṫar an Tiġearna, mar a duḃairt sé: Sul a scairtiḋ an coileaċ, séanfaiḋ cú mé trí h-uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna, agus do ḋearc sé ar Ṗeadar. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar ḟocal an Tiġearna, go nduḃairt sé, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna agus d’ḟéaċ sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt an Tiġearna: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ séanfir-se mise trí h-uaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:61
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.


¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.


A duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, Suil ġláoiḋfeas an coileaċ a noċd, séanfa tú mé trí húaire.


Agus ann sin do ċuiṁniġ Peadar ar ḃríaṫruiḃ Iósa, a duḃairt ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí húáire. Agus ar ndul a maċ ḋó, do ġuil sé go géur.


Agus do aiṫin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúḃailce do ċúaiḋ as, agus do ḟill sé ar a tslúaġ, agus a duḃairt sé, Cía ḃean rém éuduiġiḃ?


Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ría, A Ṁartá, a Ṁartá, atá tú ro ċúramaċ agus buaiḋriḋ tú ṫú féin fá ṁóran do neiṫiḃ:


Aċd a duḃairt séision, A deirim riot, a Ṗeadair, naċ goirfe an coileaċ a níu, nó go séanna tú trí húaire go ḃfuil aiṫne agad oramsa.


Aċd a duḃairt Peadar, A ḋaine, ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt, do ġoir an coileaċ.


Agus ar ndol amaċ do Ṗeadar, do ġuil sé go gér.


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?


Do ḟreagair Iósa é, An gcuirfe tú ṫanam ar mo ṡonsa? Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Ní ġoirfe an coileaċ suil ṡéanfas tú mé trí huáire.


Do ṫóg Día re na láiṁ ḋeis féin é só súas na Ṗríonnsa agus na Ṡlánaiġṫeoir, do ṫaḃairt aiṫriġe, agus maiṫṁeaċais na bpeacaḋ Disraél.


Uime sin bíoḋ ar coiṁne aguiḃ, ar mbeiṫ ḋaóiḃ a nallód ḃur Gcineaḋaċuiḃ sa ḃfeóil, da ngoirṫí an Neaṁṫimċillġearraḋ ris an druing da ngoirṫear an Timċillġearraḋ do níṫear lé laṁuiḃ sa ḃfeóil;


Uime sin bíoḋ coiṁne agud cá hionad as ar ṫuit tú, agus bíoḋ aiṫreaċas ort, agus déun na céudoibreaċa; nó tiucfuiḋ mé ad ċoinne go haiṫġearr, agus aṫróċad do ċoinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ