Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:53 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

53 An tan do ḃí me gaċ lá agaiḃ sa teampall, níor ṡineaḃair láṁa ḋaṁ: aċd a sí so ḃar nuáirsi, agus cuṁaċda an dorċaduis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

53 Nuair a ḃí mé gaċ lá i ḃur measc san teampall, níor ṡín siḃ láṁ d’ionnsaiḋe orm; aċt is í seo ḃur n-uair-se agus cuṁaċt an dorċadais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

53 Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

53 Ḃíos agaiḃ gaċ aon lá sa teampul agus níor ṡíneaḃair láṁ ċúġam; aċ sidé ḃúr dtráṫ, agus cóṁaċt an dorċadais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:53
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Gur géarr caiṫréim an droċḋuine, agus gáirdeaċus an ḟúarċráiḃṫiġ naċ ḃfuil aċt móiment ann?


Agus an tráṫ ṫáinic sé don teampoll, tangadar úaċdaráin na sagart agus sinnsear ṗobuil ċuige agus é ag teagasg, ag ráḋ ris, Créd é an tuġdarrás ré a ndéanann tusa na neiṫesi? agus cía ṫug na cuṁaċdasa ḋuit?


Agus a duḃairt Iósa ris na hardsagartaiḃ, agus úaċdaráuiḃ an teampuill, agus na seinnsearaiḃ, ṫáinic ċuige, An dtangaḃair amaċ, le cloiḋiṁṫiḃ agus le batuiḋiḃ, aṁuil ċum ḃioṫaṁnuiġ?


Aċd ar mbreiṫ airsion, rugadar léo é, go tiġ an ardṡagairt. Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é.


Atá manam buáiḋearṫa a nois; agus créd a déura me? A Aṫair, sáor mé ó nuáirsi: aċd as ċuige so ṫáinig mé ċum na huairesi.


Agus an tan do ġlac seision an greim dimṫiġ sé amaċ ar ball: agus do ḃí an oiḋċe ann.


O so amaċ ní laiḃéora mé mórán riḃ: oir atá úaċdarán an tsáoġuilsi ag teaċd, agus ní ḃfuil ní ar biṫ aige ionnamsa.


Ar a naḋḃarsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: giḋeaḋ níor ċuir éunduine láṁ ann, do ḃríġ naċ dtaínig a uáir fós.


Uime sin tangadar na máoir ċum na nárdsagart agus na Ḃṗairisíneaċ; agus dfiafruiġeadarsan díóḃ, Créud fá naċ tugaḃair liḃ é?


Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.


Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda.


Noċ do ṡáor sinn ó ċúṁaċduiḃ an dorċaduis, agus do aṫarruiġ sinn go rioġaċd a Ṁic ionṁuin féin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ