Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Oir a deirim riḃ, Gur ab éigin fós an ní atá sgrioḃṫa do ċoiṁlíonaḋ ionnamsa, Agus atá sé ar na ċoṁáireaṁ a measg na ndáoine coirṫéaċ: óir na neiṫe úd atá am ṫaoiḃse atá deireaḋ aca:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Óir deirim liḃ, gurab éigean an níḋ seo atá scríoḃṫa a ċóiṁlíonaḋ go fóill ionnam-sa: “Agus h-airṁiġeaḋ é le cuirpṫiġ”; óir na neiṫe a ḃaineas liom-sa, tig siad ċun críċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Óir adeirim liḃ, go gcaiṫfear an niḋ seo atá scríoḃṫa do cóiṁlíonaḋ ionnam‐sa, Agus do h‐áirṁeaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir an méid ḃaineas liom atá sé d’á ċóiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:37
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.


Agus do ċroċadar días gaduiḋeaḋ na ḟoċair; fear ar a láiṁ ḋeis, agus fear ar a láiṁ ċlí.


Ann sin do coiṁlíonaḋ an sgríobtuir a deir, Agus a measg ḋáoine cóirṫeaċ do coṁáireaḋ é.


Agus ar mbreiṫ an dá ḟear déag leis Diósa, a duḃairt sé riu, Féuċ, téaġmáoid súas go Hiárusalem, agus críoċnóċṫar a dtimċeall Ṁic an duine na huile neiṫe atá sgrioḃṫa ag na fáiġiḃ.


Agus imṫigiḋ Mac an duine go deiṁin, do réir mar do hórduiġeaḋ: giḋeaḋ is mairg don duine úd lé mbraiṫtear é!


Ar a naḋḃarsin a duḃairt sé ríu, Aċd a nois, giḋ bé agá ḃfuil sparán tógḃaḋ sé é, agus a ṁála mar an gcéadna: agus giḋ bé ag naċ ḃfuil, reacaḋ sé a ḃrat, agus ceannċaḋ sé cloiḋeaṁ.


Agus a duḃairt Iósa ris na hardsagartaiḃ, agus úaċdaráuiḃ an teampuill, agus na seinnsearaiḃ, ṫáinic ċuige, An dtangaḃair amaċ, le cloiḋiṁṫiḃ agus le batuiḋiḃ, aṁuil ċum ḃioṫaṁnuiġ?


Agus fós tugaḋ días eile meirleaċ da ccur ċum báis na ḟoċairsion.


Agus ar dtionnsgnaḋ ó Ṁáoisi agus ó na faiġiḃ uile, do eidirṁíniġ sé ḋoiḃ ann sna huile sgriopturaiḃ na neiṫer ḃi ḋá ṫáoḃ féin.


Má a duḃairt sé gur déé na dáoine úd, ċum a dtaínig briaṫar Dé, agus naċ éidir an sgriobtúir a sgáoileaḋ;


Tug misi glóir ḋuitsi ar a talaṁ: do ċríoċnuiġ mé an obair ṫug tú ḋaṁ té a ḋéanaṁ.


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


Aċd dfúasguil Críosd sinne ó ṁallaċd air ar son: óir atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon ċroċdar a gcrann:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ