Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar ngaḃáil a nárain ċuíge, ar mbreiṫ huiḋeaċais dó, do ḃris, agus tug sé ḋóiḃsean é, ag ráḋ, A sé so mo ċorpsa do ḃearṫar áir ḃur sonsa: déanuiḋ so mar ċuiṁne oramsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ag breiṫ ar arán dó, ṫug sé buiḋeaċas, agus ḃris agus ṫug dóiḃ, ag ráḋ: Is é seo mo ċorp, a ḃeirtear ar ḃur son; déanaigiḋ seo mar ċuiṁne orm-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ṫóg sé arán, agus nuair ṫug sé buiḋeaċas, do ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, g‐á ráḋ, Is é seo mo ċorp do‐ḃeirṫear ar ḃúr son‐sa: déanaiḋ so mar ċuiṁneaṁ orm‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ṫóg sé arán agus ġaiḃ sé buiḋċas agus do ḃris sé é agus ṫug sé ḋóiḃ é agus duḃairt sé: ’Sé mo ċorp é seo, a tugtar ar ḃúr son; deiniḋ an níḋ seo mar ċuiṁneaṁ orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:19
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċuir sé a oibreaċa iongantaċa air cuiṁne: atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe.


Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.


Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn.


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Sí so Ierusalem: do ṡuiġiḋ mé í a meaḋon na ccineaḋaċ agus na ttíorṫann atá na timċioll fa ccuáirt.


Agus gioḋ bé áit a naitriġid clann na ndaóine, beaṫuiġ na talṁán agus éunláiṫ neiṁe ṫug sé ad láiṁsi íad, agus do rinne sé úaċdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.


Agus ar na áiṫne don ṗubal suiḋe air an ḃféur, agus ar nglacaḋ ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féaċain súas air neaṁ, do ḃeannaiġ sé, agus ar ná mbriseaḋ, tug sé ná harain do ná deiscioblaiḃ, agus tugadar ná deisciobail don tslúaġ íad.


Agus ar nglacaḋ na seaċd narán agus na níasgsin dó, ag taḃairt buiḋeaċais, do ḃris sé íad, agus ṫug sé ḋá ḋeisciobluiḃ, agus tugadar na deisciobail don tslúaġ íad.


Agus ar ngaḃáil an ċupáin ċuige, ar mbreiṫ buiḋeaċais dó, a duḃairt sé, Glacaiḋ so, agus roinniḋ eadruiḃ féin é.


Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag ráḋ, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mḟuilsi, ḋóirtear ar ḃar sonsa.


Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é.


Agus tangadar longa beaga eile ó Ṫibérias láiṁ ris an áit an ar iṫeadar an tarán, tar éis an Tiġearna ḃreiṫ buiḋeaċuis:


Is misi an tarán béo do ṫuirrling ó neaṁ: giḋ bé iósas don arán so, mairfiḋ sé go bráṫ: agus an tarán do ḃéura misi úaim as é mféoil féin é, do ḃéura mé ar son ḃeaṫa an doṁáin.


A né naċ é cumáoin ḟola Ċríosd, cupán na mbeannaċd do níomáoidne do ḃeannuġaḋ? A né náċ é cumáoin ċoirp Ċríosd, an tarán ḃrismíd?


Agus gur iḃeadar uile dáoindiġ aṁáin sbioradálta: oír do iḃeadar don Ċarruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Ċarruic sin Críosd.


Tug é féin ar son ar bpeacuiġne, ċum ar sáorṫa ón droċṡáoġalsa do láṫair, do réir ḋeáġṫoile Dé eáḋon ar Naṫaírne:


Oír as ionann Agar agus Sína, slíaḃ sa Narábia, agus as cosṁuil í ris a Niarusalém atá a nois ann, agus atá sí fá ḋáoirse maille ré na cloinn.


Agus siúḃluiḋ a ngráḋ, aṁuil do ġráḋuiġ Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na ioḋbairt ḋeaġḃaluiḋ do Ḋía.


Beiríḋ buiḋeaċas sna huile neiṫiḃ: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd ḃur dtáoḃsa.


Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.


An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ