Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd a dúḃairt seision, Féaċaiḋ naċ meallfuiġṫear siḃ: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Is misi é; agus do ḋruid a naimsir linn: ar a naḋḃarsin ná leanuiḋ íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus duḃairt sé: Taḃairigiḋ aire naċ mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ mórán i m’ainm-se, ag ráḋ: Is mise é agus tá an t-am ar na gaoḃair: ar an aḋḃar sin, ná leanaigiḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus duḃairt sé: Seaċnaiḋ agus ná mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i ḃfogus: aċ ná leanaiḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:8
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Ná meallaidís ḃur ḃfáiġe siḃ agus ḃur ngeasadóiriġ, noċ atá ann ḃur lár, agus ná héistiḋe ré ḃur naislingiḃ noċ do ḃearṫaói fá deara dfaícsin.


Agus éiréoċuid mórán dfáiḋiḃ fallsa, agus meallfuid ṁórán.


Agus a ráḋ, Déanuiḋ aiṫríġe: óir do ḋruid ríoġaċd De riḃ.


O sin a maċ do ṫionnsgain Iósa seanmóir do ḋéanaṁ ag ráḋ, Déanuiḋ aiṫriġe: oír ḋruid an rioġaċd neaṁḋa riḃ.


Agus a déarúid síad riḃ, Féuċ ann so; nó, féuċ ann so: aċd ná himṫiġ, agus na leanuiḋ iád.


Agus dfíafruiġeadar ḋe, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, cía a núair ḃéid na neiṫesi? agus créd é an coṁṫarṫa ḃías ann an tan do ḋéantar íad so?


Agus an tan do ċluinfiḋe cogṫa agus búaiḋearṫa, ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd air tús; aċd ní deireaḋ é fós.


Ṫaínig misi a nainm Maṫar, agus ní ġlacṫáoise mé: má ṫig neaċ eile ann ainm féin, géuḃṫáoi ċugaiḃ é.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt mé riḃ, Go ḃfuiġeaḋ siḃ bás an ḃur bpeacaiḋíḃ.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ríu, An tan ṫóigeuḃṫáoi súas Mac an duine, ann sin aiṫéontáoi gur misi atá ann, agus naċ déunuim éinní uáim féin, aċd gur mar do ṫeaguisg an Taṫair mé, laḃruim na neiṫesi.


A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġuid luċd déanta na heugcóra sealḃ rioġaċda Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfuiġiḋ sdríopṫaċa, na luċd ioḋalaḋruiḋ, na luċd aḋaltrannais, ná dáoine macnusaċa, ná dáoine míonadúrṫa,


Ná meallaḋ éainneaċ siḃ ré bríaṫruiḃ dioṁáoineaċa: óir tug fearg Dé ar son na neiṫeannsa ar ċloinn na heasúṁlaċda.


Ná meallaḋ éunduine síḃ ar ġléus ar biṫ: óir ni ṫuicfa an lá sin muna dtiucfaiḋ tréigean ar tús, agus go ḃfoillseoċar an duine peacṫaċ, mac an damnuiġe;


Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ.


A ċairde, na creidiġ gaċ éin spiorad, aċd dearḃuiḋ na spioruid an ó Ḋía atáid: óir do ċúadar morán dfáiḋiḃ fallsa amaċ fán doṁan.


Oír is iomḋa mealltóir ṫáinic a steaċ sa dóṁan, naċ adṁuiġeann Iósa Críosd do ṫeaċd a gcoluinn. Gíḋ bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.


As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ