Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus taḃairigiḋ aire díḃ féin, ar eagla go mbéaḋ ḃur gcroiḋṫe luċtuiġṫe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoġail seo, agus go dtigeaḋ an lá úd oraiḃ go tobann;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Aċ tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin sar a raġaḋ ḃúr gcroiḋṫe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoġail seo, agus go dtiocfaḋ an lá úd go h-obann oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:34
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Gluais, tugam air ar naṫair fíon dól, agus luiġfiom na ḟoċair go ccoiṁeudum síol ó ar naṫair.


Agus tugadar ar a naṫair fíon dól an oiḋċe sin mar an gcéudna, agus do éiriġ an ḃean dob óige, agus do luiḋ aige, agus nior ṁoṫuiġ seision a nuáir do luiḋ si síos, nó a nuáir do éiriġ sí.


Agus do imṫiġ seision, agus tug leis ċum a ṁaṫar iad: agus do rinne a ṁaṫair bíaḋ sóḃlasta, aṁuil dob ionṁuin le na aṫair.


Tigeaḋ milleaḋ airsion naċ raiḃ a ḟios aige; a líon noċ dfoluiġ sé gaḃaḋ é féin: agus tuiteaḋ sé annsa milleaḋ sin féin.


Is peacaḋ, féuċuin árd, agus croiḋe uáiḃreaċ, agus treaḃaḋ na cciontaċ.


Ná bí a measg ṗótaireaḋ fíona; a measg ġrágaireaḋ líonus íad féin le feóil:


Oír ní fiós don duine fós a am féin: do nós na níasg gaḃṫar a ndroiċlíon, agus aṁúil na heóin gaḃṫar san ṗaintéar; marsin ḃíd clann na ndaóine gaḃṫa a ndroċ am, a nuáir ṫuitios sé go hobann orra.


¶ Aċt do ṡeaċránadarsan fós tré ḟíon, agus tré ḋiġ láidir atáid as a tsliġe; do ṡeaċráin an sagart agus an fáiġ tré ḋiġ láidir, do sluigeaḋ súas íad lé fíon, atáid as a tsliġe tré ḋiġ láidir; seaċránuid a bfis, oilḃéimid a mbreiṫeaṁnus.


Beiriḋ stríopaċus agus fíon agus fíon núaḋ an ċroiḋe leis.


Ná hiḃiḋ fíon nó deoċ ládir, ṫusa, nó do ṁic maille leaċd, a nuáir raċtáoi go tabérnacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: biáiḋ sin na reaċd go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ:


Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ.


Aċd taḃruiḋsi ḃur naire riḃ féin: óir béuruid síad siḃ a láṫair coiṁṫionól; sgiúrsfuiḋear sna sinagogiḃ siḃ: agus béarṫar siḃ a ḃfíaḋnuisi úaċdaran agus ríoġ ar mo ṡonsa mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.


Aċd téid roċúram an tsáoġail so, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris, agus míanġus na neiṫeaḋ eile a steaċ, agus taċduid an ḃríaṫar, agus ḃí sé neaṁṫoraċ.


Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ría, A Ṁartá, a Ṁartá, atá tú ro ċúramaċ agus buaiḋriḋ tú ṫú féin fá ṁóran do neiṫiḃ:


Agus ar a naḋḃarsin fós biṫisi ullaṁ: oír is a núair naċ saoiltí ṫiocfus Mac an duine.


Taḃraiḋ ḃur naire ḋíḃ féin: Má ṗeacaiġeann do ḋearḃraṫair ad aġaiḋ, imḋearg é; agus má ní sé aiṫriġe, taḃair maiṫeaṁnus dó.


Oir tiocfa sé mar ḋul ar na huile ḋáoine dá náitriġeann ar úaċdar na talṁan uile.


Aċd a dúḃairt seision, Féaċaiḋ naċ meallfuiġṫear siḃ: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Is misi é; agus do ḋruid a naimsir linn: ar a naḋḃarsin ná leanuiḋ íad.


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Aċd a nois do sgríoḃ mé ċúgaiḃ gan ċaidreaḃ do ḋéanaṁ, má ḃíonn éainneaċ dá ngoirṫear dearḃráṫair na sdríopaiġ, nó na ḋuine ṡanntaċ, nó na ḟear ioḋalaḋruiḋ, no na ḟear cainiġe, nó na ḟear misge, nó na ḟear fúaduiġe; ná caiṫiḋ fíu an ḃiḋ na ḟoċair.


Ná gaduiġṫe, ná dáoine sanntaċa, na luċd meisge, na luċd imḋeargṫa, náid sracaireaḋa, oiḋréaċd rioġaċda Dé.


Ioḋalaḋraḋ, piseóga, náṁadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceaċd,


Agus go ttiucfaiḋ a ccríċ, a nuáir ċluinfios bríaṫra na mallaċdasa, go mbenneoċuiḋ é féin iona ċroiḋe, ġá ráḋ, Biáiḋ siṫ agum, giḋ go siuḃoluíġ mé a neasarrumaċd mo ċroiḋe féin, ag cur meisge a gcionn an tarta:


Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais.


Taḃruiḋ aire riḃ fá gan áoinneaċ aguiḃ do ċláonaḋ ó ġrás Dé; fá gan fréuṁ ṡearḃuis ar biṫ do ḟás súas dá ḃur mbuáiḋreaḋ, trés a ndéuntaói morán neaṁġlan;


Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.


Uime sin, a ċaired, ó atá súil ris na neiṫiḃse aguiḃ, bíġiḋ dúṫraċdaċ ċum ḃur ḃfáġala ḋósan gan ċáiḋe, gan ċiontuiḃ, a sioṫċáin.


Uime sin bíoḋ na neiṫe do ġlac agus do ċúala tú ar coiṁne agad, agus connaiṁ íad, agus déun aiṫriġe. Aċd ċeana muna ḋearna tú faire, tiucfa mé ort mar ġaduiġe, agus ní ḃiáiḋ fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.


¶ Agus ṫáinig Abigail go Nábal; agus, féuċ, do ċonnuiṁ sé féusta iona ṫiġ, aṁuíl féusta ríġ; agus do ḃí croiḋe Nábal súgaċ ann, óir do ḃí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi ḋó einníġ, a ḃeag nó a ṁór, nó go ttáinic maidin ar na ṁáraċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ