Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus béid coṁarṫuiġe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuiġ, agus ann sna réultannuiḃ: agus combrúġaḋ na gciniḋeaċ ar an dtalaṁ, tré úaṫḃás; ag buirfiġ don ḟairge agus do na tonnuiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus béiḋ cóṁarṫaí san ġréin, agus san ġealaiġ, agus ins na réalta, agus ar an talaṁ imniḋe na gciniḋeaċ mar ġeall ar ċíor-ṫuaṫail ṫormán na mara agus na dtonn,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus ḃeiḋ cóṁarṫaí sa ġréin agus sa rae agus ins na réiltiḃ; agus brúṫ na ngeinte ins na tíorṫaiḃ, tré mearḃall foṫraim na mara agus na dtonn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:25
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ go ndeanaḋ a huisceaḋa sin fuáim, agus go mbeidis buáiḋearṫa, da ccrioṫnuiġdís na cnuic le na hat sin go hanṁór. Selah.


Oír ní ṫiuḃraid réulta niṁe agus a ccoṁṡoillsi a solus úaṫa: dorċuiġṫear an ġrían iona ḋul amaċ, agus ní ṫiuḃra an ġealaċ ar a solus déalruġaḋ.


A ṁairg diomadaṁlaċd ṁóráin do ḋaóiniḃ, noċ do ní tormán mar ṫormán na fairge; agus do ḃúaiḋreaḋ na ccineaḋaċ, do ní búaiḋreaḋ cosṁuil re búaiḋreaḋ sroṫann láidir!


Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.


Agus annsa lósin conġairfid na aġaiḋ aṁuil confaḋ na fairge: agus má ḟéuċann aon ar an ttír, féuċ dorċadas agus dóbron, agus dorċuiġṫear an solus sin annsna neaṁuiḃ.


Aċt is misi an TIĠEARNA do Ḋía, noċ roinneas a nfairge, ar ḃéiceadar a tonna: TIĠEARNA na slóġ isé a ainm.


Dféuċ mé air an ttalaṁ, agus, ċeana, do ḃí sé gan ċuma agus folaṁ; agus ar na neaṁuiḃ, agus ní raiḃ solus ann.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Atá an té is féarr aca mar ḋreis: is géire an té is fíréunta ná fálḋos: atá lá ṫfear faire agus do ċúarta ag teaċt; anois ḃías a mbuaiḋreaḋ.


Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.


Agus do ḃí dorċadas ar an dtalaṁ uile ón seiseaḋ húair go sóiṫe an náoṁaḋ húair.


Aċd ann sna laéṫiḃsin, tar éis a náṁġair úd, dorċóċṫar an ġrían, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillso féin úaiṫe.


Agus ann sin do ċifid síad Mac an duine ag teaċd ann sna néulluiḃ maille ré cuṁaċdaiḃ móra agus ré glóir.


Agus an tan ṫáinic an seiseaḋ húair, do ḃí dorċadas ar feaḋ na talṁan uile go sóiṫe an náoṁaḋ húair.


Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.


Agus raċa a nanam as na dáoiniḃ tré eagla, agus tré ḃeiṫ ag feiṫeaṁ ris na neiṫiḃ ṫiocfas ar an doṁan: oír croiṫaṫear cuṁaċda neiṁe.


Agus foillseoċuiḋ mé iongantuis ar neaṁ ṡúas, agus comarṫaiḋe ar a dtalaṁ ṡíos; fuil, agus teine, agus gal deatuiġe:


Agus do ċonnairc mé caṫaóir ṁór ġeal, agus neaċ áiriġe na ṡuiḋe innte, agár ṫeiṫ talaṁ agus neaṁ roiṁe; agus ní fríṫ a náit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ