Lúcas 21:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)24 Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)24 Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus ḃéarfar ina ḃpríosúnaiġ iad go dtí na h-uile ċiniḋeaċa, agus béiḋ Ierusalem dá saltairt faoi ċosa na gciniḋeaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar seala na gciniḋeaċ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdeanas iad ar fud na gcineaḋaċ go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá ċosaiḃ na bPágánaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar ré na bPágánaċ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 Agus tuitfid siad le béal an ċlaiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beiḋ Ierusalem treasgarṫa fé ċosaiḃ na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréiṁseaċa na ngeinte. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus cuirfiḋ mé coṁarṫa iona measc, agus cuirfe mé an ċuid raċus as díoḃ ċum na ccineaḋaċ, go Tarsis, go Pul, agus go Lud, noċ ṫairngios an boġa, go Túbal, agus go Iáḃan, gus na hoiléanuiḃ a nimċéin, naċ ccúala mo ṫúarusgḃáil, naċ mó do ċonnairc mo ġlóir; agus foillseoċad mo ġloir a measc na ngeinteaḋ.
Agus do ċúala misi an fear ar na éaduġaḋ le lion, noċ do ḃí air uisgeaḋuiḃ na haḃann, a núair do ċonnaiṁ sé suas a láṁ dbeas agus a láṁ ċlé go neaṁ, agus ṫug a ṁionna san té ṁairios go bráṫ go mbiáiḋ sé go haimsir, go haimsearuiḃ, agus go leaṫ aimsire; agus a nuáir ċríoċnoċus sé scaóileaḋ cuṁaċt na náoṁ, go ccríoċnoċar na neiṫesi uile?