Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 21:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus braiṫfiḋṫear siḃ fós ó ḃar naiṫreaċaiḃ agus ó ḃar maiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ndearḃráiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ngáoltuiḃ, agus ó ḃar gcáirdiḃ; agus do ḃéaruid fá deara cuiḋ ḋiḃ do ċur ċum báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus braiṫfiḋ aiṫreaċa agus máiṫreaċa agus bráiṫre agus gaolta agus cáirḋe siḃ, agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċun báis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċt braiṫfiḋ ḃúr n‐aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa féin, agus ḃúr ndearḃráiṫreaċa, agus ḃúr ngaolta, agus ḃúr gcáirde siḃ; agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċum báis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus taḃarfaid ḃúr n-aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa suas d’ḃúr naṁaid siḃ, agus ḃúr ndrioṫáraċa, agus ḃúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaiḃ ċun ḃáis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 21:16
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír do fríṫ do ḋearḃráiṫre féin, agus fós tiġ haṫar go meaḃlaċ ortsa; aseaḋ, do ġoiriodar iomad ad ḋiáiġ: ná creid íad, bíoḋ go laiḃeoraidís bríaṫra breáḋa riot.


Tugaiḋse aire gaċ áon aguiḃ dá ċoṁarsoin, agus ná táoḃuiḋ re háoindearḃraiṫir ar biṫ: óir meallfuiḋ gaċ uile ḋearḃraṫair, agus siúḃoluiḋ gaċ áonċoṁarsa lé scannlaċaiḃ.


Agus do ḃéaruiḋ an dearḃraṫair a ḋearḃraṫair ċum báis, agus an taṫair an mac: agus éireoċuiḋ an ċlann a naġuiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus do ḃéuraiḋ fa deara a gcur ċum báis.


Aċd ċeana do ḃéura an dearḃráṫair an dearḃráṫair éile ċum báis, agus an taṫair an mac; agus éireoċuid an ċlann a naġaiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus cuirfid ċum báis íad.


Biáiḋ an taṫair a naġuiḋ an ṁic, agus an mac a naġuiḋ a naṫair; an ṁaṫair a naġuiḋ na hiuġine, agus a ninġean a naġuiḋ na maṫara; agus maṫair an ḟir ṗósada a naġuiḋ a ṁná, agus an ḃean ṗósda a naġuiḋ maṫar a fir.


Oír do ḃeara misi béul dáoiḃ agus eagna, naċ buḋ héidir lé ḃur neasgcáirdiḋ uile laḃairt ná cur na haġuiḋ.


Agus biaíḋ fuáṫ ag gaċ uile ḋuine ḋáoiḃ ar son manmasa.


Agus do ṁarḃ sé Séumus, dearḃráṫair Eóin, lé cloiḋeaṁ.


Agus do ġaḃadar do ċloċuiḃ air Steaṗán, as é ag guiḋe, agus ag ráḋ, A Ṫiġearna Iósa, gáḃ mo spiorad ċugad.


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


Agus an tan do ḟosguil sé an cúigeaḋ séula, do ċonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marḃaḋ ar son ḃréiṫre Dé, agus ar son na fíaḋnuise do ċosnadar:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ