Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus níor ḟéadadar greamuġaḋ air a ḃriaṫra a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil: agus ag déanaṁ iongantais ann a ḟreagarṫuiḃsion, do ṫoċdadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus ní ṫáinic leo loċt d’ḟaġáil ar a ḃriaṫar ós cóṁair na ndaoine, agus, ag déanaṁ iongantais dá ḟreagair, d’ḟan siad ina dtost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus níor ḟéadadar aon ṁí‐ċiall do ḃaint as an gcainnt i láṫair na ndaoine; agus do ċuir an freagra iongnaḋ mór orṫa, agus d’ḟanadar ’n‐a dtost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus níor ḟéadadar loċt ḟáġail ar a ċaint i láṫair na ndaoine; agus le h-iongna, mar ġeall ar an ḃfreagra, d’éisteadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:26
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Annsin do smúaineadar na húaċdaráin, agus na prionnsaḋa cúis dfaġáil a naġaiḋ Ḋániel a ttaoḃ na rioġaċda; aċd níor ḟéadadar cúis ar bioṫ nó loċd dfáġail ann; do ḃríġ go raiḃ sé fírinneaċ, ní mó fríṫ earráid ná loċd ann.


Agus a deir sé ris, A ċompánuiġ, cionnas ṫáinic tusa a sdeaċ ann so gan éadaċ bainnse umad? Aċd ní raiḃ áonḟocal aigesean.


Agus ar na ċluinsin so, do ġaḃ iongantus íad, agus ar sgur ḋe, do imṫiġeadar.


Agus an tán do ċúaladar na Ṗairisíniġ gur ċuir sé na Saduisíniġ na dtoċd, do ċruinniġeadar a gceann a ċéile.


Aċd ar na cluinsin só Díosa, do ġaḃ iongantas é, agus a duḃairt sé ris an ṁuinntir do ḃí na ḋiáiġ, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Naċ ḃfúair mé a noireadsa do ċreideaṁ, eaḋon, a Níosráel.


Ag luiġeaċan air, agus ag iárraiḋ neiṫer éigin do ġreamuġaḋ as a ḃéul, ann a naigeóraidis é.


Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do ġaḃ náire gaċ áon nduine dá raiḃ a cur na aġaiḋ: aċd do ḃígáirdeaċas ar a tslúaġ uile tré gaċ uile ní glórṁar dá ndéarmiḋ seision.


Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.


Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.


Oír atáid iomad do ḋáoiniḃ easúṁla ann laḃras go dioṁaoin agus na mealltóiriḋ, go háiriġe an luċd atá don timċillġearraḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ