Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus ḃí siad ag coiṁéad, agus ċuir siad luċt ceilge, a ċuirfeaḋ i gcéill go raiḃ siad cóir, le breiṫ air ina ċainnt, ċun go dtaḃaraḋ siad suas do ċuṁaċt agus do uġdarás an uaċtaráin é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’ḟaireadar air, agus do ċuireadar uaṫa spíodóirí, do leig orṫa féin gur ḋaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, ċum go dtiuḃraidís suas do ċuṁaċt agus d’uġdarás an ċeann‐ṗuirt é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus ḃíodar ag faire, agus ċuireadar ċuige luċt fill do leigfeaḋ orṫa gur ḋaoine macánta iad, ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint, i dtreó go ndéanfaidís é ṫaḃairt suas do ċóṁaċt agus d’úġdarás an ġoiḃearnóra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:20
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.


Agus an luċd atá ag tóruiġeaċd ar manam cuirid paintéir roṁam: agus an drong íarrus molc laḃraid urċóid, agus smuainid cealga ar feaḋ an laoi.


Abruiḋ ré Día, Cred é húaṫḃasuiġesi ann hoibriḃ! tre ṁéad do neirt do ḋéanaid do naiṁde uṁla ḋuit.


Duiṁleoċaidís luċt fúaṫa an TIĠEARNA íad féin go faṫaċ ḋó; aċt do ḃíaḋ a naimsirsion go siorrúiḋe.


Aċt do ḃí mé cosṁuil ré luḃán nó re daṁ ḃeirṫior ċum a ṁarḃṫa; agus ní raiḃ a ḟios agam gur ṫionscnadarsan tionnscnaḋ am aġaiḋ, ġa ráḋ, Scriosam an crann maille re na ṫoraḋ, agus gearram amaċ é as tír na mbéo, ċor naċ ccuiṁniġṫear a ainm ní sa ṁó.


¶ Annsin a dúḃradarsan, Tigiḋ, agus déanam coṁairle a naġaiḋ Ieremiah; óir ní ṁuġoċuiḋ an dliġeaḋ ón tsagart, nó coṁairle ó neagnuiḋe, nó an ḃríaṫar ón ḃfáiġ. Tigiḋ, agus buáiliom é leis an tteangaiḋ, agus ná tugam aire déanḟocal dá ḃríaṫruiḃ.


¶ Oir do ċúala mé míoċlú ṁóráin, eagla air gaċ áon taóiḃ. Aiṫris, a deirid siad, agus aiṫreosaimne é. Atá mo luċt aiṫeanta uile ag foraire air mo ḃacuiġe, ġa ráḋ, Do bféidir go meallfuiḋe é, agus béuruimne buáiḋ air, agus do ḋéanam ar ndioġaltas air.


¶ Annsin do smúaineadar na húaċdaráin, agus na prionnsaḋa cúis dfaġáil a naġaiḋ Ḋániel a ttaoḃ na rioġaċda; aċd níor ḟéadadar cúis ar bioṫ nó loċd dfáġail ann; do ḃríġ go raiḃ sé fírinneaċ, ní mó fríṫ earráid ná loċd ann.


Agus na ċeangal ḋóiḃ, rugadar léo é, agus ṫugadar do Ṗóinnsius Piláit an túaċdarán é.


Agus do ḃádar agá ḃraṫ, an sláinéoċaḋ sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air.


Ag luiġeaċan air, agus ag iárraiḋ neiṫer éigin do ġreamuġaḋ as a ḃéul, ann a naigeóraidis é.


Agus dfíafraiġeadar ḋe, ag ráḋ, á Ṁaiġisdir, atá a ḟios againne gur ceart laḃras tú agus ṫeagaisgeas tú, agus naċ ḃfuil cion agad ar ṗearsain áonduine, aċd go dteagasgann tú sliġe Dé do réir na fírinne:


Agus níor ḟéadadar greamuġaḋ air a ḃriaṫra a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil: agus ag déanaṁ iongantais ann a ḟreagarṫuiḃsion, do ṫoċdadar.


Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ