Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Tiocfuiḋ sé agus sgriosfuiḋ sé na sgológa úd, agus do ḃéura sé an ḟíneaṁuin do ḋáoiniḃ eile. Agus an tan do ċúaladarsan so, a duḃradar, Nár liege Día sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Tiocḟaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na feirmeoirí sin, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoine eile. Agus ar a ċluinstin sin dóiḃ, duḃairt siad: Nár leigiḋ Dia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa sin, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair do ċualadar‐san é, aduḃradar, Nár leigiḋ Dia sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé íde ar an luċt saoṫruiġṫe sin, agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair airiġeadar-san an focal duḃradar: Nár leigiḋ Dia san!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:16
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa.


A deiridsean ris, Sgriosfuiḋ sé go díoġaltaċ na droċḋáoine úd, agus do ḃéara sé a ḟineaṁuin ar ċíos do sgológaiḃ eile, do ḃéara na tórṫa ḋó an a naimsearaiḃ féin.


Agus an tan do ċúalaiḋ an rí so, do ġaḃ fearg e: agus ar gcur a ṡlúaġṫe úaḋ, do sgrios sé an luċd dúnṁarḃṫa úd, agus do loisg sé a gcaṫair.


Ar a naḋḃarsin créud ḋéanas tiġearna na fíneaṁna? Tiocfaiḋ sé agus sgriosfuiḋ sé na sgológa, agus do ḃéura sé an ḟíneaṁuin do ḋáoiniḃ eile.


Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad.


Agus ar na ṫeilgean don táoḃ amaċ don ḟíneaṁain, do ṁarḃadar é. Ar a naḋḃarsin créd do ḋéanas tlġearna na fíneaṁna riú súd?


Aċd ar ndéunaṁ dánaċda do Ṗól, agus do Ḃarnabas, a duḃradar, Is riḃse ar tús dob éigean bríaṫar Dé do laḃairt: giḋeaḋ ó ċurṫáoi ar gcúl í, agus go mbeirṫí do ḃreiṫ naċ fíu siḃ an ḃeaṫa ṁarṫanaċ dfaġáil, féuċ, atámaidne ag filleaḋ ċum na Gcineaḋaċ.


Uime sin fíafruiġim, Nar ṫeilg Día a ṗobal féin úaḋa? Nár léige Día sin. Oír is Israélaċ misi féin, do ṡlioċd Abraham, do ṫreiḃ Ḃeniamin.


Uime sin fíafraiġim, An ḃfúaradar tuisleaġ ċum go dtuitfedís? nar léigiḋ Día sin: aċd sé a dtuitimsion slánuġaḋ na Ccineaḋaċ, ċum tnúṫa do ċur orrṫasan.


Uime sin a ndéunmáoid an dliġeaḋ neaṁṫaḃaċdaċ tré san gcreideaṁ? Nár léige Día sin: aċd fós, neartuiġemíd an dliġeaḋ.


Nár léige Día sin: aċd, bíoḋ Día fírinneaċ, agus gaċ uile ḋuine bréugaċ; mar atá sgríoḃṫa, Ar ċor go sáorfuiḋe ṫú ad ḃríaṫruiḃ, agus go mbearṫa buáiḋ an tan ḃeireas tú breiṫ.


Nár léige Día sin: oir don táoḃ eile cionnas ḃias Día na ḃreiṫeaṁ ar a tsáoġal?


Créd eile maseaḋ? a ndéanam peacaḋ, ar a naḋḃar náċ ḃfuilmíd faói an dliġeaḋ, aċd faói ġrásuiḃ? nar léige Día sin.


Nár léige Día sin. Cionnas do ḟéadfamaóisne, atá marḃ don ṗeacaḋ fuireaċ béo fós ann?


Uime sin an ḃfuil a ní maiṫ ar na ḋéunaṁ na ḃás ḋáṁsa? nar léigiḋ Día sin. Aċd an peacaḋ, ionnus go ṁíaḋ sé follus na ṗeacaḋ, doibriġ sé bás ionnum trés a ní maiṫ; do ċum go mbíaḋ an peacaḋ na ṗeacaḋ áiḋḃéileaċ trés a náiṫne.


Ar a naḋḃarsin créud a déuram? A né gur peacaḋ an reaċd? nar léige Día sin. Giḋeaḋ, ní raiḃ fios peacaiġ agum aċd trés an reaċd: oír ní ḃíaḋ éolus air mbíangus agum, muna nabraḋ an reaċd, Na bioḋ míanġus ort.


Uime sin créd a déaram? An ḃfuil éagcóir ag Día? Bíoḋ a ḃfad uáinn sin do ráḋ.


A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur boill do Ċríosd ḃur gcuirp? uime sin an dtoigeuḃaiḋ misi boill Ċríosd, ċum ball sdríopaiḋe do ḋéunaṁ ḋíoḃ? nár léige Día sin.


Agus má, ġeiḃṫear sinne ar bpeacṫaċuiḃ, agus sin nag íarruiḋ ar sáorṫa a Gcríosd, a né go ḃfuil Críosd na ṁinisdir ag an bpeacaḋ? nar léige Día sin.


Uime sin an ḃfuil an réaċd a naḋuiġ ġeallaṁnaċa De? a ḃfas uainn sin do ráḋ: oír da mbeiṫ reaċd ar na ṫaḃairt lér ḃféidir béaṫa do ṫaḃairt úaḋa, go deiṁin ís trés an reaċd do ṫiucfaḋ fíréuntaċd.


Giḋeaḋ nár léige Día go ndéanuinnse mórḋáil, aċd as croiṫ ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuil an sáoġal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ