Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus ar na ḟaicsin do na sgológuiḃ, do laḃradar eatarra féin, ag ráḋ, A sé so an toiġre, tigiḋ, marḃam é, ionnus go mbíaḋ a noiġreaċd aguinn féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus nuair a ċonnaic na feirmeoirí é, ṁeaḃruiġ siad leo féin, ag ráḋ: Is é seo an t-oiġre, cuirimís ċun báis é, ċun go raiḃ an oiġreaċt againn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt nuair do ċonnaic na scológa é, do‐rinneadar conspóid eadorṫa féin, agus aduḃradar, Is é seo an t‐oiġre: marḃaimís é, ċum go mbéiḋ an oiġreaċt againne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Aċ nuair a ċonaic an luċt saoṫruiġṫe é ḋeineadar maċtnaṁ, agus duḃradar: Sidé an t-oiġre; marḃuiġmís é i dtreó go mbeiḋ an oiġreaċt againn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ.


Mar an gcéadna do ḋéana mé eision na ċéidġin, niós áirde ná ríġṫe na talṁan.


Agus do ṫagradarsin eatorra féin, ag ráḋ, Is ar son naċ dtugamar arán linn.


Ga háiṫ as, a dtaínic baisdeaḋ Eóin? ó neaṁ, no ó ḋáoiniḃ? Aċd do smuaineadarsan ionnta féin, ag ráḋ, Má deirmíd, O neaṁ; a déara sé rinn, Ar a naḋḃarsin créd fa nar ċreideaḃairse ḋo?


Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa.


Agus do ḃíoḋ sé teagasg gaċ lá ann sa teampall. Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe agus cinn an ṗobuil eisíon do ṁarḃaḋ,


Aċd a duḃairt tiġearna na fíneaṁna, Cred do ḋéana mé? cuirfiḋ mé mó ṁac gráḋaċ féin ċuca: do béidir an tan do ċifid é go dtioḃraidís onóir ḋó.


Agus ar na ṫeilgean don táoḃ amaċ don ḟíneaṁain, do ṁarḃadar é. Ar a naḋḃarsin créd do ḋéanas tlġearna na fíneaṁna riú súd?


Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgriobuiḋe láṁa do ċur annsan air a núair sin féin; aċd do ḃi eagla an ṗobuil orrṫa: óir do aiṫneadar gur ab na naġuiḋ fein a duḃairt sé an ċosamblaċdso.


Agus do ḃádarsan ag tagra eatarra féin, ag ráḋ, Má dermíd, O neaṁ; déara seisean, Créd fá nar ċreideaḃairsi ḋó?


Agus do ḃí úaċdarain na sagart agus na sgríobuiḋe ag íarruiḋ cionnus do ṁuirfidís eision; oir do ḃí eagla an ṗobuil orrṫa.


An fearso, ar mbeiṫ ar na ṫoirḃirt tré ċoṁairle ċinte agus tré réiṁḟeaċuin Dé, do ġaḃ siḃse, agus ar na ċéasaḋ lé laṁaiḃ droċḋáoine do ṁarḃaḃair é:


Aċd do ṁarḃaḃair Uġdar na beaṫa, noċ do ḋúisiġ Día ó ṁarḃaiḃ; agá ḃfuilmídne ar ḃfíaḋnuisiḃ.


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ