Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus na am féin do ċuir sé a ṡearḃḟoġantuiġe ċum na sgológ, ionnus go dtioḃraidis ní do ṫoraḋ na fíneaṁna ḋó: aċd do ġaḃadar na sgológa air, agus do ċuireadar folaṁ uáṫa é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus nuair a ḃí an séasúr ann ċuir sé seirḃíseaċ ċuig na saoṫruiġṫeoirí, go dtaḃaraḋ siad dó cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt. Aċt ḃuail siad agus ċuir siad ar ṡiuḃal folaṁ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus sa tséasúr do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, go dtiuḃraidís cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt dó: aċt do ġaḃadar air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus nuair ṫáinig an t-am ċuir sé seirḃíseaċ leis ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe a d’iarraiḋ toraḋ an ḟíonġuirt. Agus do ġaḃadar air, agus ċuireadar uaṫa folaṁ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:10
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Aċd ṫáinic Sedeciah mac Ċenaanah a ḃfogus, agus do ḃuáil sé Micaiah ar an leaċin, agus a duḃairt, Cía an tsliġe ar ġaḃ Spiorad an TIĠEARNA uáimse do laḃairt riotsa?


Giḋeaḋ fós do rinne an TIĠEARNA fíaḋnuise a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, tres na fáiġiḃ uile, agus treas an luċd faicsiona uile, ġa ráḋ, Filliḋsi ó ḃur ndroiċṡliġiḃ, agus coiṁéuduiġ maiṫeantasa agus mo reaċda, do réir a nuile ḋliġe dar áiṫin mé dá ḃur naiṫriḃ, agus noċ do ċuir mé ċugaiḃ lem ṡerḃísiġ na fáiḋe.


Uime sin do ġlac Hánun muinntir Ḋáiḃi, agus do ḃearr sé íad, agus do ġeárr sé a néaduiġ ḋíoḃ iona lár ós cionn a más, agus do ċuir ar siuḃal íad.


Ann sin do ḃí fearg air Asa ris an ḃféuċadóir, agus do ċuir sé a ttiġ príosúin é; óir do ḃí sé air cuṫaċ ris dá ḃríġ so. Agus do ḃrúiġ Asa drong don ṗobal fa namsin féin.


Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra.


Giḋeaḋ diomċuir tusa léo ar feaḋ móráin blíaḋan, agus dfiaḋnuiġ tú na naġaiḋ led spiorad ann ṫfáiġiḃ: aċd nior éisteadar: uimesin ṫug tú íad a láiṁ ṁuinntire na duiṫċe.


Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.


Is go díoṁaóin do ḃuáil me ḃur cclann; níor ġaḃadar smaċt ar biṫ: ḃur ccloiḋeaṁ féin do ṁarḃ ḃur ḃfáiġe, aṁuil leoṁan millteaċ.


Annsin do ḃuáil Passur an fáiġ Ieremiah, agus do ċuir sé annsna ccip é do ḃí a náirdġeata Ḃeniamin, noċ do ḃí láiṁ ré tiġ an TIĠEARNA.


Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom.


Ní mó a deirid síad iona ccroiḋe, Bioḋ anois eagla an Tiġearna DIA oruinn, noċ do ḃeir fearṫuinn, fa ṫús agus fa ḋeireaḋ iona ham féin: coiṁéaduiġ sé ḋúinne seaċdṁuine cinnte a nfóġṁair.


O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ!


Agus do ċuir sé searḃḟoġantuiġe eile úaḋ a rís: aċd ar ngaḃáil air sin leis, agus ar dtaḃairt easonóra ḋó, do ċureadar folaṁ uáṫa é.


Agus do ṫionnsgain sé an ċosaṁlaċdsa do ráḋ ris an bpobal; Do ċuir duine áiriġe fíneaṁuin, agus tug sé amaċ do sgológuiḃ í, agus do ḃi sé féin a gcoigcríċ air feaḋ aimsire faide.


Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.


Ar a naḋḃarsin, a ḃraiṫreaċa, atá siḃse leis marḃ don reaċd tré ċorp Ċríosd; ionnus go mbíaḋ siḃ ag fear eile, eaḋon, ḋosan noċ do tógḃaḋ súas ó ṁarḃaiḃ, ċum sinne toraiḋ ṫaḃairt do Ḋía.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ