Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, áon do na láeṫiḃ sin, an tan do ṫeagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do ṡeanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe maille ris na sinnsearuiḃ ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárla, aon lá acu suíd, nuair a ḃí sé ag teagasc an ṗobail agus ag seanmóir an tsoiscéil san teampall, gur ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe mar aon leis na seanóirí le ċéile,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ṫárla, lá de sna láeṫantaiḃ sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craoḃsgaoileaḋ na tsoisgéil, go dtáinig uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:1
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt Iósa ris an tslúaġ a núairsin, Tangaḃair a maċ aṁuil ċum bioṫuṁnaiġ le cloiḋṁe agus lé batuiḋe dom ġlacaḋsa? do ḃínn am ṡuiḋe gaċ áon lá eadruiḃ sa teampoll ag teagasg, agus ní rugaḃair oram.


Agus do laḃradar ris, ag ráḋ, Innis dúinne, cia an tuġdarrás as a ndéanann tú na neiṫesi? Nó cia ṫug an tuġdarrás so ḋuit?


Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,


Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.


Agus an feaḋ do ḃádar ag laḃairt ris an bpobal, tangadar na sagairt, agus úaċdarán an teampoill, agus na Saducíni orṫa,


Agus do ḃogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuiḋe, agus ag cur ċuige, rugadar air, agus tugadar leó ċum na coṁairle é,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ