Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do ċuir sí giobuil ċeangail na ṫimċeall, agus do ċuir sí na luiġe a mainséur é; do ḃríġ naċ raiḃ ait aca sa tiġ ósda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus rug sí a céid-ġein mic, agus ċuaċ sí i n-éadaċ ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar naċ raiḃ áit ar biṫ fá n-a gcoinne san tiġ ósta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do rug sí a mac, a céadġein, agus d’ḟill sí i n-éadaiġiḃ é, agus ċuir sí ’n-a luiġe i mainséar é, mar ní raiḃ aontslíġ ḋóiḃ sa tiġ ósda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:7
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do oscuil fear aca a ṡac do ṫaḃairt próantair dá assal sa tiġ ósda, do ċonnairc sé a ċuid airgid; óir féuċ, do ḃí sé a mbéul a tsaic.


Agus tárla ḋúinn, a nuáir ṫangamar don tiġ ósta, gur osglamar ar saic, agus, féuċ, go raiḃ airgead gaċ áonduine aguinn a mbéul a ṡaic, ar nairgead a ccoṁṫrom iomlán: agus tugamar linn a ris é nar láiṁ.


Aċt peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo ṫarcu sniuġaḋ ag an bpobal.


Agus tárla ar an tsliġe san tiġ ósta, gur ċas an TIĠEARNA air, agus gur íarr a ṁárḃaḋ.


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Agus nior aiṫin sé í no go rug sí a céudṁac: agus tug sé Iosa dainm air.


A né naċ é so mac an tsáoir? a ne naċ dá ṁaṫair ġoirṫear Múire? a né naċ íad a ḋearḃraiṫreaċa, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas?


Agus a deir Iósa ris, Atáid fúaċaisiġe ag na sionnċaiḃ, agus neid ag eanlaiṫiḃ a naiéir; aċd ní ḃfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeaḋ sé a ċeann.


Agus ar ndrud ris, do ċeangail sé a ċneaḋa, ag dortaḋ ola agus fióna ionnta, agus ar na ċuir air a ainṁiḋe féin dó, rug sé leis go tiġ ósda é, agus do ġaḃ sé cúram na ṫimċeall.


Agns tárla, ar mbeiṫ ḋóiḃ ann sin, go dtangadar laéṫe a hionḃuiḋsean.


Agus do ḃádar áoḋairiḋe sa dúiṫċe sin na gcoṁnuiḋe a muiġ, agus ag déanaṁ faire oiḋċe ar a dtréd.


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.


Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ