Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus ar mbeiṫ na baintreaḃuiġ a dtiniċeall ċeiṫre mblíaḋan agus ċeiṫre tiċid ḋi, níor ḟág sí an teampoll, aċd ag déunaṁ seirḃísí do Ḋía do ló agus doiḋċe le trosgaḋ agus lé húrnuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Agus ḃí sí ina baintreaḃaiġ go h-aois a ceiṫre scór agus ceiṫre bliaḋna, agus ní ḟágaḋ sí an teampall, aċt ag taḃairt seirḃíse do Ḋia lá agus oiḋċe le troscaḋ agus urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus ḃí sí sin ’n-a baintriġ go dtí go raiḃ sí ceiṫre bliana agus ċeiṫre fiċid, agus ní ḟaġaḋ sí an teampal, aċ ag déanaṁ trosgaiḋ agus úrnuiġṫe i n-onóir do Ḋia do ló agus d’oiḋċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:37
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mo Ḋía, coṁaircfim annsa ló, agus ní ċluin tú; annsa noiḋċe, ní ḃfuil suáiṁneas agam.


Go dearḃṫa leanfuiḋ maiṫ agus trócaire mé air feaḋ mo ṡáoġail: agus do ḋéanad áitreaḃ a ttiġ mo ṪIĠEARNA go bráṫ.


Aóinní aṁáin daṫċuingiḋ mé air an TTIĠEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo ċoṁnuiġe a ttiġ an TIĠEARNA air feáḋ láeṫe mo ṡáoġail, dféuċuin air scéiṁ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ go moċ iona ṫeampall.


Oír is féarr lá ann do ċúirtiḃsi ná míle. Do bféarr leam ḃeiṫ am ḋoirseóir a ttiġ Dé, ná ḃeiṫ am ċoṁnuiḋe a bpáilliún an ċiontuiġ.


O is beanuiġe an drong noċ áitreaḃus ann do ṫiġ: molfaid ṫú a ccoṁnuiġe. Selah.


An luċt ṗlannduiġṫear a ttiġ an TIĠEARNA, bláiṫfid siad a ccúirtiḃ ar Ndénne.


Agus do rinne an láḃéir do ṗrás, agus a ċos do ṗrás, do scaṫánuiḃ na mban noireaċduis, noċ do ċruinnioġaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.


Aċd a duḃradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaiġe, agus mar an gcéudna deisciobail na Ḃṗairisíneaċ; aċd iṫid agus iḃid do ḋeisciobailsi?


An sin ar ndéunaṁ troisge agus úrnaiġe ḋóiḃ, agus ar gcur láṁ orṫa, do léigeadar úaṫa íad.


Agus ar nórduġaḋ sinnsear ann gaċ eagluis, agus ar ndéunaṁ úrnaiġe ḋóiḃ maille ré trosgaḋ, do ċuireadar ar ċoiṁéud an Tiġearna, ionar ċreideadar íad.


Ré a ḃfuil súil ag ar nda ṫreiḃ ḋéugne, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋía do ló agus dóiḋċe go gnáṫaċ. Is do ṫáoḃ an dóṫċais sin, a rí Agrippa, eiliġid na Iúdaiġe misi.


Agus an ḃean atá na baintreaḃuiġ ḋá ríriḃ, agus ar na fagḃáil na háonar, cuíriḋ sí a muiniġin a Ndía, agus coṁnuiḋe sí do ló agus doiḋċe a nguiḋe agus núrnuiġiḃ.


Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin.


Uime sin atáid síad a ḃfíaḋnuise árdċaṫaoire Dé, agus do níd seirḃís dósan do ló agus doiḋċe ann a ṫeampoll: agus an tí atá na ṡuiġe sa gcaṫaóir áiteoċuiḋ sé na measg.


Ní ḃfuil éainneaċ náoṁṫa mar an TTIĠEARNA: óir ní ḃfuil ann aċd ṫusa: agus ní ḃfuil carruig ar biṫ mar ar Ndíanne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ