Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus fós do ḃí Anna, banḟáiḋ, inġean Ṗánuel, do ṫreiḃ Aser: do ḃi aois ṁór aiceso, tár éis seaċd mblíaḋna do ċaiṫeaṁ ḋi ag fear a ndiáiġ a maiġdeannis;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus ḃí banḟáiḋ ann, Anna, inġean Ṗanueil, de ṫreiḃ Aser; ḃí sí siar go mór i mbliaḋanta, agus ḃí sí i ndiaiḋ seaċt mbliaḋna a ċaiṫeaṁ le n-a fear ó ḃí sí ina h-óiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus do ḃí Anna, ban‐ḟáiḋ, inġean Ṗanuél, de ṫreiḃ Asér, do ḃí sí an‐aosta; do ċaiṫ sí seaċt mbliaḋna ag a fear tar éis a maiġdeanais,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus ban-ḟáiḋ dob’ eaḋ Anna inġean Ṗanuéil, de ṫreiḃ Aser, agus ḃí sí tar éis mórán laeṫanta ċur di, agus ḃí sí tar éis seaċt mbliana ó n-a h-óige do ċaiṫeaṁ agá fear.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:36
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Léah, Is sona misi, óir goirfid na hinġeana beannuiġe ḋíom: agus do ġoir sí Aser dainm ḋe.


Mar sin do ċuáiḋ Hilciah an sagart, agus Ahicam, agus Aċbor, agus Saṗan, agus Asahiah, go Huldah an ḃanḟáiġ, beán Ṡallum ṁic Ticḃah ṁic Harhas, fear coiṁéada na néuduiġeaḋ; (anois do coṁnuiġ sí ann Ierusalem annsa ċeláisde); agus do laḃradar ría.


Tiucfuiḋ tú ċum huáiġe a naóis iomláin, aṁuil ṫig síog arḃa a steaċ a nam iomċuḃaiḋ.


Do ḃéaraid fós toraḋ úaṫa a naóis léiṫ; méiṫ agus úr ḃéid síad;


Agus Míriam an ḃanḟáiġ, dearḃṡiúr Aáron, do ġlac sí tiompán na láiṁ; agus do ċúadar na mná uile amaċ na diáiġ maille re céol agus re daṁsa.


¶ Mar an ccéadna, ṫusa a ṁic an duine, cuir haġaiḋ a naġaiḋ inġiona do ṗobail, noċ ṫairrġirios as a ccroiḋe féin; agus tairrġirsi na naġaiḋsion,


(Agus fós, raċaiḋ cloiḋ éaṁ tré ṫanamsa mar an gcéudna,) do ċum go noċdfuiḋe smúaintiġṫe as mórán do ċroiḋiḃ.


Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.


Agus fós doirtfiḋ mé dom Spiorad féin ar mo ṡearḃḟoġantuiḋiḃ agus air mo ḃanóglaċuiḃ ann sna laéṫiḃsin; agus do ḋeanuid faiḋeadoireaċd:


Agus do ḃádar ceaṫrar maiġdean, dinġeanuiḃ aigesion, noċ do níoḋ faiḋeadóireaċd.


Giḋeaḋ gaċ bean agá mbí a ceann noċdaiġe ag urnaiġe nó ag faiḋeadóireaċd ḋi do ḃéir sí náire ḋá ceann: óir is ionann sin agus a ḃeiṫ beárrṫa ḋi.


Aċd a dtáoḃ neiṫiḃ spioradálta, a ḋearḃráiṫreaċa, ní háill leam ḃeiṫ ḋáoiḃ ainḃfeasaċ.


Uime sin as coir deasbóg a ḃeiṫ neaṁloċdaċ, na ḟior éunṁná, na ḋuine ḟaireaċ, ṁeassarrḋa, ṁacánta dáonnaċdaċ, réiḋ ċum teaguisg;


Toġṫar baintreaḃaċ naċ bí ní sa luġa ná trí fiċid blaiḋan dáois, do ḃí na mnáoi éinḟir.


¶ Agus táinic an cúigeaḋ cranċar amaċ ar ṫreiḃ ċloinne Aser do réir a muinntear.


Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Asér. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Neṗṫali. Do seuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṁanasses.


¶ Agus Deborah banḟáiġ, bean Lapidot, dob isi fá ḃreiṫeaṁ ar Israel fá namsin.


Agus do ḃádar días ban aige; Hannah ainm ṁná ḋíoḃ, agus Peninnah ainm na mná oile: agus do ḃí clann ag Peninnah, aċd ní ráiḃ clann air biṫ ag Hannah.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ